Léasa aoibhnis

 

CROBHINGNE:SNA LAETHANTA dorcha seo tá an chuma air go bhfuil gach duine ag gearán, agus a chúis aige. Ní hamháin go bhfuil gach duine ag gearán ach tá ag caointeachán, leis, agus ag cnáimhseáil, agus ag clamhsán agus fiú amháin ag ceasnaíl. Agus nuair nach mbítear ar an aiste sin, is amhlaidh go gcuirtear an t-am isteach ag gluaireán agus ag tromachán agus ag éagnach. Mo thuairim féin, gurbh fhearr cloch a chaitheamh san doircheacht ná milleánú uile an tsaoil, ach ar mhí-ámharaí an chúrsa, tá airgead mór ar chlocha faoi láthair.

Tá leisce ar dhuine, mar sin, aon iarracht a dhéanamh ar an meanna a mhúscailt ar eagla go gcuirfí taom buile ina leith, nó go ndéarfaí go raibh cóisir na gruama á lot.

Ina choinne sin, áfach, féachaim amach an fhuinneog agus feicim an ghrian ag taitneamh anois is arís. Agus ó am go chéile tugaim dom aire go bhfuil an féar ag fás arís. Agus cloisim leanbh ag súgradh i bhfad uaim, agus ceol aduain ag teacht anuas ó uachtar tí.

Tá dán iontach ag Michael Coady a thosnaíonn leis na línte: “Though there are torturers in the world/ there are also musicians...” agus a chríochnaíonn “Mozart and Beethoven/ forever bring us healing/ a woman in west Clare/ is playing the concertina/ and a drunk man on the road/ is singing for no reason”. Tá a fhios ag gach scríbhneoir go bhfuil scéalta agus dánta amuigh ansin ag daoine eile, ní hea go bhfuil sé in éad leo, ach gur díomá mhór dó nárbh eisean a chum ná a cheap ar dtús. Tá dán Coady ar cheann díobh sin im chás-sa. Nó ar a laghad, is dán é ar mhaith leat casadh a bhaint as agus é a chaitheamh ar fud an tsaoil, ar fud na gcríocha i gcéin mar éan ar eite.

Is é sin le rá, cé go bhfuil duairceas ann tá suairceas, chomh maith. Cé go bhfuil fuacht i gcroí an bhaincéara tá lasair mhion chomh geal le hordóig i gcroí daoine eile. Cé go bhfuil daoine gan obair, tá daoine eile ar féidir leo luí ar a suí suaimhnis sa pháirc faoi chrann agus a gcuid slabhraí sclábhaíochta saothrúcháin a chaitheamh díobh.

Tá eala an anama ag snámh go maorga ar lochanna an domhain. Tá gile na maidne ar fháithim na gcnoc agus tá na muisiriúin gheala ag péacadh aníos ar chaonach bog na coille. Tá lucht oifige ag ceannach ticéid don chrannchur náisiúnta agus ag cuimhneamh ar laethanta saoire na samhlaíochta. Tá cailíní óga ag féachaint ar shobaldhrámaí á gceapadh dóibh go bhfuil baint acu leis an saol. Tá fir óga ag ropadh go mear ar ghluaisrothair, boladh na hola ina gcloigeann. Tá madraí ag súgradh le madraí agus a srón leis an sceach is gaire. Tá sluaite ag dul go dtí cluichí gach seachtain agus pian an phléisiúir agus pléisiúr na péine á nglacadh acu. Tá foireann Chill Chainnigh ann – damnú orthu agus ar a cuid ealaíne! – agus tá girseacha óga ag imirt cispheile i gclós scoile agus gáire ar a mbéal.

Is ea, tá bóín dé ar dhuilleog, an té a d’fhéachfadh air, agus tá neantóg ina haonar cois claí gan beann aici ar chealg a chur i nduine ar bith nach gcuireann isteach uirthi. Tá duine gan ghuth ag canadh san fholcadán agus is é an t-amhránaí is fearr ar domhan é. Tá smaoineamh Dé ann agus a chuid grásta féin, nó tá na déithe eile ann a thugann aire dúinn ar shliabh, ar fharraige, in am an ghátair.

Ní hé go bhfuil grian amháin ann, tá na milliúin. Cé go bhfuil ainmhithe agus éisc ann a d’imigh as, tá a thuilleadh nach eol dúinn iad a bheith ann fós ar ghrinneall na mara nó laistíos den screamh. Agus níl faic ar eolas againn suas is anuas leis an méid atá fós le foghlaim.

Tá ceolta na cruinne le cloisint gan ach cnaipe a bhrú. Tá focail draíochtúla sna foclóirí nach mbaintear go leor earraíochta astu – ‘spaglainneach’, ‘crúbadán’, ‘griobairt’.

Tá pictiúirí ar crochadh sna dánlanna nach bhfeicfidh tú a choíche ná go deo, ach feicfidh tú an chaolchuid aoibhinn bheag díobh. Tá an chéad choiscéim á tógaint ag páistí ar fud an domhain anois go díreach ag an dearbhnóiméad áirithe ar láthair na huaire gan amhras seo.

Agus tá Louis Armstrong an ghutha ghairg a cheol Nach Aoibhinn an Saol trí scornach bhinn (i gcead do Cholm Breathnach): “Chím crainn atá glas, rósa atá dearg/ag bláthú dúinn atáid a ghrá geal – /...Cloisim naíonáin ag gol, chím iad ag fás/ foghlaimeoid níos mó ná mar a thuigfead go brách/ agus deirim liom féin gurb aoibhinn an saol.”

Uaireanta, sin a bhfuil.