Johnny agus Cóilín: Rang 6

Scoil Náisiúnta Thír an Fhia, Leitir Móir, Co na Gaillimhe


Is as an bplainéad Neplún é Johnny. An t-ainm ceart atá ar Johnny ná Johnny Chóilín Mhaidhc Peaitín Pheaits. Tá gruaig ghorm air agus tá craiceann oráiste aige. Tá Johnny 20 bliain d’aois.

Is plainéad beag é Neplún agus tá poill air. Tá 120 teanga ann. Níl gnáthdheoch ná gnáthbhia thuas ar an bplainéad Neplún mar níl aon uisce acu.

Tá sé an-chosúil leis an domhan ach in áit uisce, tá laibhe ann. Teastaíonn laibhe uathu chun na caranna a chur ag imeacht. Ólann siad peitreal, agus bíonn ar na peataí díosal glas a ól. Itheann siad páipéar. Níl mórán ainmhithe ar an bplainéad.

Is plainéad an-saibhir í Neplún. Tá ceithre chos ar chuile dhuine ann, seachas duine amháin…

READ MORE

Tógann siad isteach dé-oscaíd charbóin agus cuireann siad amach ocsaigin. Tithe rabhnáilte le go leor fuinneoga atá ann. Bíonn airgead ar na crainnte.

Chuile choicís, gabhann an Rialtas timpeall agus tugann siad airgead do chuile theach. In áit báisteach, titeann bia. Tá dath glas ar fhuil na ndaoine atá ina gcónaí ar Neplún…