Gránna

CROBHINGNE: AGUS MÉ ag snámh idir aerthonnta an raidió le déanaí ag iarraidh tagairt ar bith do Nama nó do ghadaíocht eile lucht…

CROBHINGNE:AGUS MÉ ag snámh idir aerthonnta an raidió le déanaí ag iarraidh tagairt ar bith do Nama nó do ghadaíocht eile lucht gnó a sheachaint thuirling caint ar Chomórtas na mBailte Slachtmhara ar mo chluasa.

Ba dhóbair dom dearmad a dhéanamh air mar chomórtas. Is fíor gur chuaigh go mór i bhfeidhm ar bhailte beaga agus ar bhailte neamhbheaga na tíre, ar shlí is go bhfuil cuid acu anois chomh pioctha bearrtha néata le císte bainise agus nach mór chomh milis céanna.

Bhraithfeá ciontacht éigin agus tú ag gabháil tríothu, go háirithe mura mbeadh trí chithfholcadh tógtha ar maidin agat agus tú ar maos le cúrán. Gairdíní chomh glan le seomra obráide, bláthanna ag fás iontu chomh fuar le fiacail con.

Is é an trua Mhuire agus Phádraig é nach dual dóibh a bheith amhlaidh. Formhór de bhailte na hÉireann is áiteanna iad ar mhaith leat dul tríothu go tapaidh. Nó ar a laghad áiteanna ar bhreá leat iad a fhágaint; ach gurbh fhearr leat fós gan dul ina n-aice sa chéad áit.

READ MORE

Tá buailte isteach im aigne gurbh oiriúnaí go mór is go fada Comórtas na mBailte Gránna a thionscnamh, mar is deimhnitheach go mbeadh an iomaíocht i bhfad níos géire. Bheadh sé deacair ar gheallghlacadóirí an corrlach a réiteach mar a dhéanfaí le rásaíocht capall, bheadh oiread sin ann mar rogha ag an bpobal, go háirithe ag an bpobal nach raibh cónaí orthu iontu.

Cuimhním, mar shampla, ar Chluain na Muc, is é sin, Cluain na Muc, Co Liatroma, murab ionann agus na cluana eile muc atá ar fud na tire. Níorbh eol do dhaoine a leithéid d’áit a bheith ann go dtí go dtángathas ar an eolas trín Acht um Shaoráil Faisnéise le déanaí.

Stop na cloig ann sa bhliain 1933, agus déarfá go bhfuil faisean na bliana sin fós á chaitheamh acu ann, cé go raibh sé leathchéad bliain as dáta an uair sin.

Déanadh iarracht ar bhialann a oscailte ann tráth. Dúradh leis an dearthóir áitiúil ‘An Chistin’ a thabhairt ar an mball. Ach is amhlaidh gur litrigh sé mar ‘The Kitsch Inn’ é. B’é ba mheasa ná gur oir sé dó go neamhbhlasta.

Nó cuirimis i gcás Bun Dobhráin. Dá leagfaí an baile go léir níl aon amhras ná go mbeadh sé furasta feabhas éigin a chur air. Tá sé chomh plaisteach le réalta scánnáin. Ní áit í a dtabharfá fuath dó láithreach, níl ann ach go nglacfadh sé cúpla nóiméad. Nuair a ghabhann an taoide amach, déanann sí dearmad gan filleadh arís, agus botún domhaite is ea an méid sin féin.

B’fhéidir gurb é sin dán na mbailte turasóireachta, áfach. Cad is Cill Áirne ann, mar shampla, seachas ionad páirceála as cuimse agus cúpla lochán fliuch? Ar imeall na mbailte seo d’fhás óstáin, tithe aíochta agus BBs ar nós na muisiriún; ach ar a laghad leagtar muisiriúin go mear. Is é Murmansk an deiscirt é, agus gan de bhuntáiste aige ach go nglanann an bháisteach shíoraí a bhfuil d’ualaigh a fhágann na capaill ina ndiaidh.

Bhíodh fógra ar thraenacha an Tuaiscirt – mar a bhíodh gach aon áit – gan an leithreas a shruthlú fad is a bhí an traein ina stad sa stáisiún. Bhreacadh áilteoir éigin ar an bhfógra céanna ‘Ach amháin i bPort an Dúnáin’.

San ghnás coitianta go nasctar bailte abhus le bailte thall thairis i dtíortha eile, moladh go nascfaí Port an Dúnáin le Poll Ifrinn, ar choinníoll go mbeadh Poll Ifrinn sásta cúpláil leo.

Is leor ainmneacha na mbailte féin lena gcineál a nochtadh go minic. Baile an Chaca, Co Loch Garman, mar shampla, nó Buiríosa Léith agus Tuamba Uí Mheára, Co Thiobrad Árann. Nuair a fiafraíodh de dhuine tráth conas ab fhéidir maireachtaint san bhaile deiridh sin b’é an freagra grod: “dhá bhuidéal sa lá!” Agus ní uisce mianrúil a bhí i gceist aige.

Ach idir an baile sin agus Inis an Chláir tá poll mór. Tugtar Luimneach air, leis. Níl ach trí ní bunoscionn le Luimneach, mar atá, an t-atmaisféar, an aeráid agus an aimsir. Tugtar faoi deara go ngluaiseann an tSionainn i bhfad níos tapúla nuair a thagann sí i ngar don chathair. Is amhlaidh go bhfuil eagla uirthi moilliú, mar cá bhfios cad a tharlódh?

Bhí an tráth ann dá dtitfeadh buama adamhach air go gcaillfí luach cúpla euro de mhaoin thall is abhus, ach níl sin cinnte níos mó agus a bhfuil de thitim tagtha ar luach sealúchais le tamall.

Tá a bhaile gránna féin ag cách. Dath na dtithe i mBéal Átha an Dá Chab fadó a chuirfeadh urlacan maidne i gcuimhne duit, Baile Uí Mhatháin, Béal an Mhuirthid, Scairbh na gCaorach, Cill Chaoil, Coill Mhic Thomáisín...

Déantar do liosta féin! Cuirfidh sé na hoícheanta fada geimhridh isteach.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar