Grá na Gaillimhe

BEOCHEIST: MHEALL NORA Barnacle, cailín na Gaillimhe, James Joyce Uasal

BEOCHEIST:MHEALL NORA Barnacle, cailín na Gaillimhe, James Joyce Uasal. Chun tuilleadh eolais a fháil fúithi, faoi bhun fógra óstáin Barnacle sa Ghaillimh, bailíonn mac léinn ó Mheiriceá mioneolas faoin mbean mhistéireach.

Suite ar stól, faoin bhfiúise fhiáin, ag slogadh ghloine Guinness, é i mbun cainte, go compordach le saoi áitiúil tagraíonn sé dá sheanchóip do Ulysses uilechumhachtach, atá faoina ascaill. Dedalus, Leopold, Molly Bloom atá faoi chaibidil agus an tionchar a bhí ag Barnacle ar Joyce.

Lasann sé toitín atá tuillte, análú domhain, é ag smaoineamh ar spiorad Joyce agus Nora ag siúl shráid na Céibhe sa Ghaillimh. Sea, faoiseamh a gheobhaidh sé anseo….

Os a chomhair, druideann fear i dtreo Lána an Draoi, púcaí na ndraoithe fós ag sníomh trí leoithne gaoithe, na saoithe, filí agus ríthe draoíchtúla de ló is oíche ag faire fós ar chroí agus anam na háite.

READ MORE

Siúlann spaisteoir in aice fir mar atá mar dheilbh le haghaidh agus lámha óir, culaith óir, gruaig óir, féasóg óir, claidheamh solais óir, a dhéanann liú nuair a chaitheann cailín cúthail bonn euro ar sheanchóta órga atá sínte ar an dtalamh.

Éalaíonn ealaíontóir ón slua i dtreo sráide atá níos cúinge lena scuab, é ar thóir inspioráide na sráide cúinge.

Seans gurb é sin Mícheál D ar uachtar an lána lasmuigh do Twice as Nice ag faire ar Bhanbha, Fódla, Éire.

Siúlann au-pair Spáinnise thairis le slis pizza ina lámh, an cháis Mozerella leáite mar shreanga leaisteacha, gan srian, sreanga a éiríonn níos faide agus í á dtarraingt: “Rícísímo, Rícísímo!”

Treoraíonn sí gasúr beag Éireannach lena lámh eile, é sásta leis an Satharn, an sos, an tsaoirse ag an aois seo, é lena uachtar reoite sú talún bándearg ina ghlac, ag stánadh ar cheoltóir, gan cheol.

Seineann seanfhear atá ag ligint air go bhfuil sé ag seinm ar veidhlín ach atá lámhdhéanta as chairtchlár, deartha le maircéir dubh, é “lán dóchais is grá… le ciúnas gan chrá”.

Rian na ndraoithe, ceol draoíchtúil gan fhuaim. Stadann an au pair, í ag gáire agus tarraingíonn an buachaill beag í chun duine ar comhaois leis a thaispeáint di.

Lasmuigh do Fat Freddys, seineann Síneach óg a fheadóg stáin le barr uaine é ag pípireacht go bródúil, na méaranna tiubha ag clúdach na bpoll beag, é ag triail ríl rithimiúil, é ríshásta.

Ciúnaíonn tógálaí an tranglam lena mhéar brúite ina chluas chlé agus an iFón brúite go dlúth dá chluas eile, an Galway Advertiser ina ghlac, cíos an árasáin i bPáirc Grattan á phlé go práinneach, ach dealraíonn gáire, múchann sé an fón. Beannaíonn sé buachaillí ó Bhearna agus aontaíonn sé go mblaisfidh sé deoch leo, i dteach na Céibhe. Stól saor, líonann sé an bhearna.

Pléitear Smullen agus McNamara nuair a chealaíonn an ceol agus an comhrá, ardaíonn rinceoir tango aird na ndaoine. Socraíonn sí a cos fhada thanaí thar glúin fhear donn dealraitheach, trasna na sráide.

Brístí dubha fáiscithe thar tóin an fhir, gluaiseann an cúpla tango go muiníneach, maorga, cromán le cromán, súil le súil, lámh le lámh, ceol Airgintíneach ársa, dáiríre, dúil, domhain, diamhair ag spalpadh, i gcomórtas le fuaim na feadóige – seanóirí, seoltóirí, spaisteoirí, ceoltóirí, óltóirí, ag feadaíl agus ag screadaíl go sceitimíneach ar na réaltaí ag rince.

Suite, gléasta le geansaí olann, ar leac fuinneoige, díolann dream ó Mheiriceá Theas scata péirí fáinne cluasa ildaite lámhdhéanta as cnónna, cleití, cré, ar seastán adhmaid, iad ag canadh “Bueno, Bueno, Sí, Sí, Bueno!” – a n-anamacha líonta, iad ag luascadh liathróid juglála san aer.

Ach teastaíonn aird ó chearc sa chúinne. Glaonn cearc ón gcóisir cearca, grúpa ban uile gléasta go gairmiúil i stíl 1920, ar fhear téagartha atá ag caitheadh Tequila le slis líomóide ar thaobh a ghloine siar, a shúile dírithe ar an rinceoir tango tanaí.

Buann an chearc ó Chorcaigh. Freagraíonn an fear í le gáire agus geáitsíocht tarraingteach. Súil aige nach mbeidh an mí-ádh uirthi a bhí ar Nora Barnacle leis na fir go raibh cion aici orthu roimh Joyce.

Ritheann cat marmaláide i bhfolach ón bhfothram, ón dtranglam, ón ragairneacht. Tosnaíonn sé ag glanadh a chos chlé arís, píosa tearmainn, é in aice le fáinleog nach gcíonn é go fóill.

Tá sé i measc na fiúise, na bpeatúiniacha, na lóibéilianna, atá teannta thuas anseo – ach atá faoi dhraíocht ag ceol na cathrach agus na Coiribe.

Críochnaíonn an mac léinn Meiriceánach a thoitín – análú. Ní foláir, faoiseamh a gheobhaidh sé. É réidh do gheábh trí Ghaillimh, é faoi scáth dhaoine séimhe chine Nora Barnacle.