Géarchéim dhaonna na hEorpa

BEOCHEIST: BHÍ MÉ cuid den samhradh seo caite thiar i gceantar Ros a’ Mhíl

BEOCHEIST:BHÍ MÉ cuid den samhradh seo caite thiar i gceantar Ros a' Mhíl. Beagán le cois trí seachtaine a chaith mé ann agus mé ar lóistín i dteach atá suite ar an mBaile Láir gar go maith don chéibh.

In ainneoin go ndúradh liom nach raibh an méid céanna turasóirí thart anuraidh is a bhí ann sna blianta beaga roimhe sin, b’ábhar spéise dom na sluaite daoine a théadh isteach ar Inis Mór gach lá agus go háirithe ag an deireadh seachtaine.

Turasóirí mála droma cuid mhór acu agus iad ag brath ar lóistín a fháil i mbrú ar an oileán nó puball a chur suas oíche nó dhó san ionad campála. Daoine eile ar cuairt ag a muintir. Ach má chuirtear fáilte is fiche roimh lucht laethanta saoire ar Inis Mór, is a mhalairt atá fíor le roinnt seachtainí anuas i gcás an mhórphlódú isteach de dhaoine ar Lampedusa, oileán ar cuid den Iodáil é atá suite leath bealaigh idir an tSicil agus an Túinéis.

In ainneoin go bhfuil Inis Mór beagnach dhá oiread níos mó ná Lampedusa ó thaobh méid de, is lú i bhfad an daonra ar an oileán thiar. Thart ar 800 duine a chónaíonn ar Inis Mór Árann ó cheann ceann na bliana. Is ionann an pobal dúchais ar Lampedusa agus 5,000 duine. Ach tagann na céadta duine i dtír ar an oileán lá i ndiaidh lae toisc a chóngaraí is atá sé do chósta Mhór-Roinn na hAfraice. 18,000 duine ar fad ó thosach na bliana 2011.

READ MORE

An chíor thuathail pholaitiúil sa Túinéis agus sa Libia is cúis leis an mbrú daoine isteach ar an oileán. Cuid acu ar a dteitheadh ón marú agus ón bhforéigean ina dtíortha féin, saoirse agus síocháin ag teastáil uathu. Cuid eile ag súil le saol nua, post a fháil agus socrú síos in áit éigin san Eoraip. Is céim eile í Lampedusa ar an turas fada dainséarach atá rompu.

Thug Marine Le Pen, uachtarán an Front National sa Fhrainc, cuairt ar an oileán i lár na míosa seo caite. “Ba mhaith liom aird an phobail san Eoraip a tharraingt ar a bhfuil ag titim amach anseo,” a dúirt sí nuair a fiafraíodh di cén gnó a bhí aici in Lampedusa. “Níor cheart d’údaráis an Aontais Eorpaigh beag is fiú a dhéanamh den scéal. Má tá na mílte dídeanaí anseo inniu, d’fhéadfadh na céadta míle bheith ann amach anseo.”

Tá staid éigeandála fógartha ar an oileán ag méara Lampedusa, Bernardino de Rubeis. “Chonaic sibh féin (an chaoi a bhfuil cúrsaí anseo),” a dúirt sé leis na hiriseoirí ag preasagallamh i ndiaidh chuairt Le Pen. “Ach i gcead do mhuintir an oileáin, ní fheictear iad amuigh ag cur i gcoinne na ndídeanaithe. Chuireamar lóistín ar fáil dóibh. Caithimid go maith leo,” arsa sé. “Ní féidir linn an ghéarchéim a láimhseáil inár n-aonar áfach. Is gá teacht i gcabhair orainn.”

Ach is léir faitíos ar mhuintir Lampedusa. Ní ligtear páistí an oileáin dul amach ag spraoi leo féin a thuilleadh. Déantar cinnte go gcuirtear feasta glas ar gach doras tí is fuinneog. Agus díoltar an caife i gcupáin phlaisteacha leis na dídeanaithe toisc go ndiúltaíonn na gnáthchustaiméirí ól as na soithí céanna leo. Bíonn daoine de shíor ag súil le drochaimsir: má tá drochaimsir geallta, a deir siad, is lú seans atá ann go gcuirfidh na báid chun farraige chun tuilleadh daoine a thabhairt isteach ar an oileán.

Thug Silvio Berlusconi, príomhaire na hIodáile, cuairt ar Lampedusa ag deireadh mhí an Mhárta. Agus é ar a dhícheall a thaispeáint go seasfadh sé le muintir an oileáin in uair a ngátair, gheall sé go ndéanfaí na dídeanaithe – tuairim is 6,000 duine acu – a aistriú amach go hionaid choinneála ar an bpointe boise.

D’iarr Roberto Maroni, Aire Gnóthaí Inmheánacha na hIodáile, ar an Aontas Eorpach €100 milliún a chur ar fáil chun go bhféadfaí dul i ngleic leis an bhfadhb, cóiríocht agus beatha a sholáthar do na dídeanaithe nó áiseanna leighis a chur ar bun a dhéanfadh freastal orthu. Táthar ag cur brú leis ar na húdaráis sa Túinéis cosc a chur ar a saoránaigh siúd an tír a fhágáil go neamhdhleathach.

Bíonn a cuid féin ag an bhfarraige. In ainneoin nach bhfuil ach cúpla céad ciliméadar idir cósta na Túinéise agus Lampedusa, is minic a thógann sé dhá nó trí lá ar bhád a bhfuil os cionn ceithre scór paisinéir ar bord aige ceann scríbe a bhaint amach. Fir a bhformhór mór acu ach bíonn mná agus páistí i measc na bpaisinéirí freisin, gan snámh ag go leor acu.

Ní thagann an uile dhuine slán ón turas faraor. Bíonn leisce ar iascairí Lampedusa le seachtainí beaga anuas a gcuid eangacha a chur sna huiscí ar an taobh ó dheas den oileán ar eagla go dtiocfaí ar chorp duine gafa iontu.

Agus seo mé maidin gheal Aibreáin ag éisteacht leis an nuacht. Bád eile imithe go tóin poill amach ó chósta Lampedusa agus os cionn 150 duine caillte.