Feachtas éagórach in éadan an burqa

 

BEOCHEIST: AR 13ú Iúil, agus muintir na Fraince ag ullmhú chun Lá an Bastille a chomóradh vótáil L’Assemblée Nationale de Pharlaimint na Fraince le 335 vótaí in aghaidh a haon ar son cosc a chur ar mhná feisteas éadaí a chlúdaíonn an aghaidh, ar nós an burqa nó an niqab, a chaitheamh in áiteanna poiblí.

 Cé go bhfuil an cheist seo ina hábhar conspóide sa Fhrainc le fada b’íorónta an ní é gur vótáileadh ar son an choisc an lá roimh chomóradh thús Réabhlóid na Fraince, a raibh sé mar aidhm leis tíorántacht na n-uaisle a threascairt agus a gceart a thabhairt don chosmhuintir.

As an 64 milliún atá sa Fhrainc meastar thart faoi 5 milliún bheith ina Moslamaigh ach astu sin meastar níos lú ná 2,000 bean bheith ag iarraidh an burqa a chaitheamh. Má ghlacann Seanad na Fraince leis an chosc seo beidh an ceart ag na húdaráis i 2011 fíneáil €150 a ghearradh ar bhean ar bith a chaithfidh an burqa in áit phoiblí agus fíneáil €35,000 ar fhear a chuirfidh iachall ar a bhean, nó a iníon, é a chaitheamh.

Maíonn na daoine atá ar son an choisc gur ar mhaithe leis na mná atá sé, gur comhartha uirísle é an burqa, agus as reachtaíocht a thabhairt isteach chun cosc a chur air in áiteanna poiblí go bhfuiltear ag cabhrú le mná bheith ina saoránaigh chearta de Phoblacht na Fraince. Sna díospóireachtaí faoin cheist seo cuireadh béim ar an fhocal “integration”, ar dhualgas inimirceach meas bheith acu ar luachanna na poblachta agus ar an bhagairt do na luachanna sin a bheadh i gceadú an burqa in áiteanna poiblí.

Sa cheantar ar imeall Bhaile Átha Cliath ina gcónaím féin feicim gach seachtain bean amháin agus burqa uirthi ar a bealach go hoifig an phoist chun pinsean a bhailiú. Tá fógra san oifig a deir go gcaithfidh daoine a bhíonn ag lorg leasa shóisialaí cárta aitheantais a thaispeáint sula dtabharfar an t-airgead dóibh.

Is cinnte go bhféadfadh deacracht bheith ag an mháistreás poist bean a mbeadh a haghaidh clúdaithe a aithint agus is cosúil go bhfuil an t-údarás aici iarraidh uirthi an burqa a bhaint. Tá an t-údarás sin ag feidhmeannaigh sa Fhrainc le fada, in aerfoirt, i scoileanna agus in oifigí stáit agus tá ciall leis sin. Ach bean ag siúl síos an tsráid agus a haghaidh clúdaithe is deacair a fheiceáil cén bhagairt a bheadh inti do luachanna na Fraince ná do luachanna aon tíre eile. In aigne fhormhór an phobail ba bhagraí go mór ógánach agus cochall air.

Ó lár an 19ú haois tá na mílte Francach tar éis lonnú sa chuid is torthúla den Ailgéir agus go dtí 1960í na haoise seo caite d’fhéach siad ar an tír sin mar chuid den Fhrainc. Is de thairbhe polasaí coilinithe na bhFrancach i dtuaisceart na hAfraice a bhfuil pobal mór Moslamach sa Fhrainc anois.

Is saoránaigh de chuid na Fraince formhór an phobail sin mar gur ann a rugadh iad agus má theastaíonn ó na húdaráis go mbeadh meas acu ar luachanna na poblachta ní mór dóibh meas bheith acu ar a luachanna siúd agus ar a gcultúr.

Sa díospóireacht faoin burqa rinneadh tagairt do “aontacht náisiúnta”, aidhm atá ag údaráis na Fraince ó aimsir Napoleon i leith. Ach san iarracht chun aontacht náisiúnta a bhaint amach is beag nár díothaíodh teanga agus cultúr cuid de phobail dhúchasacha na tíre, muintir na Briotáine, na hOccitáine agus Alsace mar shampla. I 1930í na haoise seo caite ní fhéadfadh tuismitheoir liúntas leanaí a fháil do pháiste a raibh ainm Briotánach air. Tá comharthaí ann anois go dtuigeann na húdaráis gur cuid de shaibhreas na tíre éagsúlacht chultúir bheith ann agus go bhfuil a lán caillte de thairbhe cinní polaitiúla san am atá thart teanga agus nósanna a chur faoi chosc. An mbeadh sé ródheacair foghlaim uaidh sin agus meas a léiriú ar chultúr agus nósanna na Moslamach agus ligean dá gceannairí féin na fadhbanna a eascraíonn as rialacha religiúin, nach n-oireann do shaol na linne seo, a réiteach dóibh féin?

As ceist pholaitiúil a dhéanamh as caitheamh an burqa táthar ag gríosú pobail, a bhraitheann iad féin faoi leatrom cheana féin, chun cos a chur i dtaca agus dúshlán an choisc a thabhairt.

Agus ní sa Fhrainc amháin a bhfuiltear ag déanamh ceist pholaitiúil as feisteas na Moslamach. Ta cosc curtha cheana ar an burqa sa Bheilg agus reachtaíocht á hullmhú san Ísiltír. Ar 20ú Iúil vótáil parlaimint na Spáinne le móramh 21 vóta in aghaidh an choisc. De réir pobalbhreithe a rinneadh sa Bhreatain bheadh os cionn 60 faoin gcéad sa tír sin ar son dlí a achtú ina éadan.

Cén fhad go mbeadh feachtas ar bun abhus in Éirinn chun an rud céanna a dhéanamh?