Dialann an deoraí scéalach go fóill féin

 

BEOCHEIST:OÍCHE NOLLAG a bhí ann, thiar sna 1970í, agus bhí m’athair is mé féin i mbaile mór an Longfoirt ag déanamh giota beag siopadóireachta, nuair a casadh fear ard scafánta orainn ar an tsráid agus chuaigh m’athair is é féin i mbun comhrá i nGaeilge.

Tar éis tamaill, chuir m’athair an fear in aithne dom mar dhuine de na pearsana sa leabhar Dialann Deoraí – leabhar a raibh staidéar á dhéanamh agam air don Ardteistiméireacht ag an am.

Fear as Conamara a bhí ann, cosúil le go leor eile atá luaite sa chuntas sin ar thaithí Dhónaill Mhic Amhlaigh is é ag obair agus ag cuartú oibre i Sasana sna 1950í.

Bhí a fhios ag m’athair gur thaitin an leabhar liom agus go mbeadh áthas orm castáil le duine dá charachtair.

Bhí Mac Amhlaigh luath sna 30í nuair a d’fhoilsigh an Clóchomhar Dialann Deoraí, a chéad leabhar, i 1960 agus ní raibh sé mórán thar 60 nuair a bhásaigh sé scór bliain ó shin i mbliana.

Scríobh sé suas le 10 leabhar – idir úrscéalta, cnuasaigh ghearrscéalta agus dírbheathaisnéisí – ach tá sé deacar teacht ar chuid mhaith dá shaothar anois, fiú i leabharlanna.

Tá an chosúlacht air go bhfuil a leabhar is cáiliúla – Dialann Deoraí – as cló agus tá sé bainte ó chúrsa na hArdteistiméireachta le fada.

Rugadh Dónall Mac Amhlaigh i gCnoc na Cathrach, ar imeall chathair na Gaillimhe, i 1926, agus d’aistrigh a chlann go Chill Chainnigh i 1940.

Chaith sé trí bliana san Arm – sa Chéad Chath, ar an Rinn Mhór i nGaillimh – agus is ann, i measc cainteoirí dúchasacha Chonamara, a d’fhoghlaim sé go leor dá chuid Gaeilge.

Ina dhara leabhar – Saol Saighdiúra (1962) – déanann sé cur síos ar an tréimhse sin, tréimhse thaitneamhach a ndéanann sé tagairt di go minic, freisin, in Dialann Deoraí mar casann roinnt mhaith dá sheanchomrádaithe ón Arm air arís i Sasana.

Léigh mé Dialann Deoraí arís le déanaí, den chéad uair le 30 bliain – an chóip chéanna is a bhí agam nuair a bhí mé i mo dhalta scoile. Cóip athláimhe atá ann, a ceannaíodh sa Dublin Bookshop ar Bachelor’s Walk.

Is beag leathanach ann nach bhfuil breactha le nótaí, scríofa ag chéad úinéir an leabhair, agam féin, agus ag m’athair.

Cuntas lom macánta atá ann ar shaol a chaith na mílte Éireannach i Sasana – na fir ag náibhíocht, ag tarraingt biatais, ag leagan ráillí nó ag tógáil tollán don iarnród; na mná ag obair mar bhanaltraí, mar chailíní aimsire is mar chúntóirí siopaí.

Sclábhaíocht ar bun ag go leor acu is iad ag cabhrú le hatógáil na tíre sin tar éis scrios an chogaidh.

Faigheann siad faoiseamh ón obair chrua i gcomhluadar a gcomhoibrithe ag ól, ag dul ag damhsaí, ag freastal ar an Aifreann, fiú; agus i bpléisiúir níos simplí ar nós éisteacht leis na cainteoirí ag Hyde Park Corner i Londain nó ag breathnú ar na soilse i Piccadilly.

Luaitear go minic na “pinsirí” – fir a bhí sa mBreatain leis na cianta agus nár fhill abhaile riamh, ar nós fear as Ros Comáin a chuaigh go Sasana i 1899 is é 15 bliain d’aois. Foilsíodh aistriúchán Béarla – An Irish Navvy – le Mac Amhlaigh agus Valentine Iremonger i 1964, ach, go bhfios dom, níor scríobhadh aon chuntas comhaimseartha i mBéarla ar thaithí na nÉireannach i Sasana.

Lá samhraidh sa Spidéal, sna 1980í, casadh Dónall Mac Amhlaigh orm. Bhí m’athair is mé féin ag obair sa ghairdín. M’athair a d’aithin é is é ag dul thar bráid agus bhuail sé bleid air. Chaith siad píosa fada ag seanchas faoi na fir as Conamara atá luaite ina ndírbheathaisnéisí agus ligeadh an gharraíodóireacht i ndearmad. (Tá m’athair féin ar shlí na fírinne anois.)

Ag druidim le críoch Dialann Deoraí, seans go mbíonn an léitheoir ag súil go bhfillfidh Mac Amhlaigh ar Éirinn go buan. Ach ní mar sin a tharlaíonn. Sa chaibidil dheireanach caitheann an t-údar tamall i mBleá Cliath ar a bhealach go Chill Chainnigh le haghaidh saoire ghairid. Cáisc, 1957, atá ann agus tagraíonn sé do bhochtanas na ndaoine agus chomh dona is atá siad gléasta.

Ag deireadh a shaoire, sé bliana tar éis dó an Bád Bán a thógáil den chéad uair, buaileann cumha é is an long ag fágáil Dhún Laoghaire. Seo mar a chríochnaíonn an leabhar: “Tá fear taobh thiar díom in áit éigin ag gabháil an Rose of Tralee. Ligeann fear eile sian as. Is iontach an dream muid cinnte.”

Tá an íoróin san abairt sin, gan amhras. Is mór an trua nach bhfuil eolas níos forleithne ag léitheoirí an lae inniu ar an saothar clasaiceach seo de litríocht Ghaeilge an 20ú haois.