Dónal Óg

 

CROBHINGNE:IS É an rud is misniúla riamh dar dhein Dónal Óg Cusack ná a bheith ina chúlbáire. Is fíor nach foláir do dhuine a bheith ábhairín as a mheabhair le seasamh sa bháire i gcluiche ar bith, ach ní foláir dó a bheith glan bán as a mheabhair lena leithéid a dhéanamh san iomáint.

Tagann an saol chugat ar luas marfach lasrach agus níl idir tú féin agus náire nó gaisce ach faiteadh neamhfhaiteach na leathshúile bige.

Dúirt Vladimir Nabokov gurb é an cúlbáire “an fiolar aonair, fear na mistéire, an chosaint dheireanach” agus gur lú de choimeádaí cúil é ná coimeádaí aislinge.

Is deacair a chreidiúint gur thaitnigh sé riamh le duine ar bith a bheith ina chúlbáire. Sin í an rúndiamhair is mó ar fad.

Dúirt Pat Jennings a choimeád an cúl ar feadh na mblianta i Sasana agus i dTuaisceart na hÉireann nár thaitnigh cluiche ar bith leis, gur ghéar a chuaigh gach nóiméad de gach cluiche i mbeo ann.

Tuigim dó. Ní ghlaotar ar an gcúlbháire ach in am na héigeandála. Is féidir leis a bheith ag aislingíocht leis an chuid eile den am, nó neachtar acu, ag éisteacht leis na maslaí atá ag gabháil steallaidh air ó laistiar dá chúl féin.

Fuair Dónall Óg a chion féin de na maslaí sin ó dhaoine dúra na tuaithe, ó dhaoine neamhealaíonta tútacha.

Déanann sé lua ar na maslaí sin ann is as san dírbheathaisnéis uaidh ina mbeireann sé a scéal leis, is níor dhein dearmad; ach áit ar bith ní thugann sé le fios go bhfuil sé as a mheabhair toisc gur cúlbáire is ea é.

Go deimhin, cheapfá gur duine lánchiallmhar é ar stuaim an leabhair, ar a réasúntacht chóir, agus ar an gceart a thugann sé do chairde is d’eascairde araon.

Áirítear gurbh é Lev Yashin an cúlbáire ab fhearr riamh i gcúrsaí sacair le 100 bliain anuas. D’imir sé leis an tSóivéad Aontaithe sna blianta sin nuair a bhí siad chun cinn ag eitilt i rás úd an spáis, agus é féin ag eitilt ó chuaille go cuaille mar a bheadh sciathán leathair le súile grinne. Nuair a fiafraíodh a rún de b’é dúirt sé: “toitín a chaitheamh ar dtús, agus ansin deoch láidir bhodca chun do chuid matán a shúpláil.”

Aon phioc de sin níl le fáil i leabhar Dhónail Óig. Traeineáil agus rith agus allas agus machnamh agus scéiméireacht. Ní tréithe iad sin a bhaineann le duine atá as a mheabhair. É ina chaonaí aonair ar fud coillte na n-imreoirí.

Faigheann dúnmharfóir cúig nó sé cinn de bhlianta sa phríosún. Ní mhaitear botún don chúlbáire a choíche ná go deo. File den scoth ba ea Patrick Kavanagh agus meas an domhain mhóir air ar bhruach na canálach i mBaile Átha Cliath agus ar Raglan Road. Ach níor mhaith pobal Inis Chaoin Mhuineacháin riamh dó gur chaill sé Craobh an Chontae dóibh nuair a bhí sé ina chúlbáire acu.

Bíonn aghaidh fhormhór na ndírbheathaisnéisí de chuid an Chumainn Lúithchleas Gael ar mhargadh na Nollag agus ar an margadh áitiúil. Ní fiú mún spideoige san fharraige an chuid is mó díobh mar ceileann siad an fhírinne.

Gabhtar timpeall ar chosa boga go rómhinic agus déantar iarracht ar gan aon duine a ghortú go rómhór. Tá feabhas áirithe air sin le déanaí, agus an té a bhfuil léamh an chultúir aige fara léamh na litreacha gheobhaidh sé gearradh áirithe i leabhair Bhriain Cody agus Jack O’Connor.

Is soiléire fós an gearradh i leabhar Cusack. Baineann sé soir agus baineann sé siar nuair is gá. Ach tá smacht fós ann in aghaidh réiteoirí a dhein an mhísc agus in aghaidh iománaithe eile nár sheas sa bhearna bhaoil.

Ní haon René Higuita é, El Loco, a thionscain speach na scairpe agus é ina fhear báire leis an gColóim, an liathróid a shábháil le cúl na gcos agus é ag gabháil tóin thar ceann ar líne an chúil.

De na cúlbáirí sin a bhí glan bán as a meabhair, ní foláir nó gurb é Dónal Óg is ciallmhaire díobh.

Níorbh fholáir dó a bheith ábhairín le gealaigh dul chun troda le Bord Chontae Chorcaí de chuid an Chumainn Lúithchleas Gael a raibh an riarthóir b’éifeachtaí orthu ná mar a bhí ar eagraíocht ar bith eile ar domhan ó bhí Talleyrand ag socrú na hEorpa.

Ná ní haon Harald Schumachar ná Davy Fitzgerald ach oiread é. Dá mb’ea ní bheadh an cumas ann cur in aghaidh na cloiche dobhogtha arb iad lucht riartha calcaithe coimeádach aois órga caite Bhord Chontae Chorcaí í.

Déarfá gurb é a mhana féin, bíodh nach ndeir sé an méid sin go hard; “lámh láidir, camán gasta, súile géara agus illegetimi non carborundum”.