Casadh na bliana

 

CROBHINGNE:NÍL A fhios agam ar thug tú faoi deara é? An oíche faoi dheireadh is ea a tharla. Bhíos amuigh ag féachaint ar dhul faoi na gréine le súil is go dtiocfadh inspioráid filíochta éigin chugam nuair a tuigeadh dom nach rabhthas mar a bhí.

B’fhéidir nach raibh ann ach oiread na fríde. Mionrabh de mheandar, an niamh is lú féin de nóiméad. Screatall na hiongan de thomhas ar íor na spéire. Ach don duine géarchúiseach cosúil liom féin, ní raibh amhras ar bith ann.

Tá na laethanta ag dul i ngiorracht cheana féin. Ní fada anois uainn na hoícheanta dorcha agus na tráthnóintí fada faoi smúid. Nach mbraitheann tú an ghruaim sin ar an saol id chnámha istigh?

Go dtí seo bhíomar ag súil leis an samhradh. Ghealaigh sé tamall i rith biaiste na scrúduithe, agus chonaic daoine áirithe an ghrian ar feadh deireadh seachtaine. Go háirithe iad siúd a chuaigh ar saoire chun na Spáinne.

Tháinig nóiníní beaga amach anseo is ansiúd agus gais ghlasa eacnamaíochta. Agus ansin dúirt an ghrian: “Is leor sin. Tá sé in am dom tosnú ag imeacht uaibh arís!”

Agus sin é atá ar siúl aici. Feasta scaoilfear na drochthaibhrithe chugainn agus leathfaidh na scamaill a gcuid dobróin ar fud na críche. Éireoidh deatach an duaircis de dhroim na gcnoc nach mbeidh ag bagairt a gcinn thar dhroim a chéile ach ag bagairt orainne. Tiocfaidh amhscarnach leamh liath an lae ina bhrat bróin. Bhéarfaidh méireanta salacha dorcha an fhómhair ar fháinne geal an lae.

Is ea, leis, tá na laethanta ag dul i ngiorracht cheana féin. Dá smaoineofá i gceart air ba cheart go mbearrfadh sé go hae trí lár do chroí tú, agus go dtabharfadh frasanna fairsinge deor ina theannta sin. Is gairid anois go mbeidh na fáinleoga ag imeacht leo go Capistrano agus beidh Eoghainín na nÉan agus na páistí eile ag fiafraí cár chuaigh na héanlaithe, agus cén fáth nach gcanann a séisghuth i gcoill níos mó, nó dé chúis cois locha ar aon taobh nach bhfuil saorghuth cuaiche.

Díthiú só agus suaircis an méid seo, gan bhréag, agus ní gá don dúlra a bheith faoi dhaorbhrat scís, ach sin é go díreach mar atá.

Ná ceap gur scéal áthais é nach bhfuil an pluda agus an clábar tagtha chugainn fós. Nach gcloiseann tú iad laistiar den líonrith ceo atá ag sníomh isteach go dúchrónach mar a bheadh gallóglaigh ag teacht i dtír faoi rún?

Ní hé go bhfuil siad reoite ag an sioc ná ag fuarnimh an ama, ach nár mhúscail siad fós ón áit ar lig an tseanbhliain a cleitreacha síos léi. Ach an túisce is a bhíonn an bhliain i ngeimhleach an bháis, mar atá anois, corraíonn siad a gcolainn agus cuireann siad umpu culaith doilíosach an bhróin chun sinn a chrá is a chiapadh.

Níl aon dabhta faoi ach go bhfuil na laethanta ag dul i ngiorracht, agus go mbeidh an dochma dár sníomh i mbuairt as seo suas. M’fhada-chreach eachtra seo na bliana a ghluaiseann faoinár ndáil an tráth seo den sean-samhradh.

Bíodh gurb aoibhinn againn an ghrian nuair a bhíonn sí ag dul i ngile agus i bhfad ar fud na spéire, is í an creachaire agus an sladaire í a threascrann ár ndóchas nuair is mó a cheapaimid go bhfuil breith ar an samhradh againn.

Ó, mo mhíle cumha ach go bhfuil na laethanta ag dul i ngiorracht agus is léanmhar liom na laethanta feasta faoi bhréide duaircis. Braitheann tú an aimsir ghlas id chnámha, nó ar a laghad ar bith feiceann tú uait í.

Ní maith linn cuimhneamh ar choinleach crua an fhómhair ach tá coinleach crua an fhómhair ag cuimhneamh orainne. B’fhéidir nach bhfuil an ghoimh fós sna gaotha guairne a thagann timpeall an chúinne chugat i ngan fhios, ach tá fáithim ghualda i bhfad uait áit a dteagmhaíonn an talamh is an spéir le chéile.

Is cuma dhuit a bheith ag éagaoineadh gur fuar agus gur fochlach solas na gréine mar is cuma le solas na gréine go bhfuil dua agus dochma gan sonas ar na spéartha. Bhí an ghrian timpeall an bhaill seo cheana agus caithfidh sí cuaird a thabhairt ar phláinéid eile agus beannú dóibh.

Tá an lionndubh sna tithe tábhairne agus an anbhuain ag dul in olcas in intinn na bhfealsamh. Tá pus ar Dhaidí na Nollag mar tuigeann sé go gcaitheann cromadh ar obair arís, gan trácht ar na réinfhianna a bheathú i gcomhair an aistir. Tá ‘a’ mór ag teacht ar ainnise, agus tá an chiardhoircheacht ag traeineáil i bpasáistí fairsinge na fearthainne. Tá snua an tsonais ag golfairt go duamhar á fhógairt gur duairc agus gur doilíosach an saol.

Tá na laethanta ag dul i ngiorracht feasta...