Camshúilí

 

CROBHINGNE:AN TÉ a bheadh ag iarraidh córas polaitíochta an Stáit seo a mhíniú don eachtrannach, nó don chuairteoir samhailteach sin ó Mhars, bheadh chomh maith aige a bheith ag iarraidh brí na beatha a fhionnadh nó leabhar le Heidegger a léamh.

Ní móide go bhféadfadh an té is meabhraí amuigh ciall a bhaint as cad ar a shon a sheasann formhór ár gcuid páirtithe polaitíochta, seachas freagra leamh na cumhachta agus na glóire. Thaispeáin suirbhé le déanaí na daoine is mó a chreideann gurb í an tseirbhís don phobal is mó is cás le polaiteoirí, gurb iad is mó a ghéilleann do Shanta Claus agus don phota óir in earr an bhogha cheatha.

Thall ina choinne sin, bítear ag áiteamh orainne brí a bhaint as polaitíocht thíortha eile. Bhí toghchán san Iaráin le déanaí, agus ba dhóigh leat ar na tráchtairí abhus gur thuig siad cad a bhí ar siúl. Ar leith amháin, bhí an gealt sin Mahmoud Ahmadinejad atá ag iarraidh Iosrael a scuabadh de dhroim an talaimh, más neamhfhíor féin é, agus ina choinne, duine éigin eile a bhfuil a ainm ligthe i ndearmad againn anois. Ach ní Ahmadinejad é an duine eile, dá réir sin, ní foláir dó a bheith go maith, ina bhráthair linn féin, oiriúnach chun tabhairt chun béile, lánréasúnta agus lár an bhóthair, duine nár mhiste leat lámh a chroitheadh leis gan gátar í a ghlanadh láithreach bonn.

Toghchán tá ann san Afganastáin, leis. Is mó is casta é seo, mar tá a fhios againn gur treibheanna iad ar fad, go bhfuil cónaí ar go leor acu sna sléibhte, nach bhfuil airm núicléacha á mbeartú acu, go n-itheann siad gabhair seachas feta a dhéanamh as a gcuid bainne, agus go maraíonn siad saighdiúirí deasa sibhialta de chuid na crosáide nach bhfuil ach ag iarraidh crústa a thuilleamh agus filleadh ar a dteaghlach sa bhaile. Ní deacair a fháil amach cé hiad na dea-dhaoine agus cé hiad na drochbhuachaillí de réir ár gcuid tuisceana de, bíodh nach gá gurb ionann sin agus toil na ndaoine i lár an aonaigh nó an ghoirt.

Ditto agus mar a chéile maidir le Maenmar, nó leis an tSiombáib, nó leis an tSeoirsia. Scuab mhór leathan amháin agus í smeartha ar an gcolainn pholaitiúil, agus puilliliú!, tá sanas againn ar cad tá ar siúl. Tá na boscaí deasa simplí réamhullamh againn, agus seo linn á líonadh isteach le daoine agus le tuiscintí nach bhfuil puinn cur amach againn orthu ach oiread agus atá ag an Rialtas ar Nama nó ar an aimsir fháistineach (nó ar an aimsir láithreach, ach an fhírinne a insint).

Tá leabhair lándáiríribh á bhfoilsiú ag tabhairt le fios gur gairid go mbeidh an duine geal ina mhionlach san Eoraip, agus go mbeidh an lá agus an oíche agus an nóin gheal ag lucht leanúna Allah laistigh de ghlúin nó dhó. Aon dream amháin iad seo ón rinn is sia soir san Indinéis go dtí an ngob is géire siar san Mharóic. Ag scéiméireacht san ghaineamhlach atá siad, agus sna cúlshráideanna, agus sna Madrais, agus laistiar dá gcuid róbaí agus tuáillí, ag scéiméireacht chun ceannais an domhain a bhaint amach agus ní bheidh an ceannsmách ag geataí Ifrinn ina gcoinne go brách na breithe. Ní faic é plean na nGiúdach de réir Prótacal nEildear Síóin suas is anuas leis an gceann seo.

Freagra saonta na haigne simplí: “Tá siad go léir mar a chéile!” Nó, níos contúirtí fós: “Is ionann agamsa iad, pé rud adeir tú!” Má ghéilleann tú don mhéid sin, is sinne Críostaithe agus Eorpaigh trí chéile a chuir na campaí báis ar bun sa Pholainn, a rinne cinedhíothú san Astráil ó dheas, a bhain lámha de pháistí sa Chongó, a scrios bailte go talamh nach raibh iontu ach mná agus páistí, a chuir daoine easumhla beo san uaigh, agus mar sin de.

Gan amhras, b’iad na Gearmánaigh, na Sasanaigh, na Beilgigh, na Francaigh agus na Spáinnigh faoi dear an bharbarthacht faoi leith sin, ceann ar cheann. Ní hé nach mbeimis ábalta ar a leithéid chéanna a dhéanamh, ach shlánaigh cor na staire sinn orainn féin.

Is é a bhun beag ar a bharr mór é ná go bhfuil dálaí gach córais pholaitiúil agus aighnis gach buíne sóisialta ar chomhchastacht lenár gcuid féin. Nuair a mhachnaíonn tú ar Ahmadinejad, smaoinigh ar Fhianna Fáil nuair a bhí Haughey i gceannas. Nuair is dóigh leat go bhfuil Al Queda ina aon bhloc aontaithe chun sinn a smísteadh inár leapacha, meabhraigh duit féin Fine Gael agus ceannairí éagsúla á staibeáil acu. Nuair a cheapann tú go bhfuil comhcheilg ar bun chun an Chailifeacht a thabhairt ar ais san Eoraip, cuimhnigh ar an gclub peile áitiúil, nó ar an gcumann comhar creidmheasa sa tsráid.

Is ea, tá an dream amuigh ansin gach pioc chomh suarach éagsúil linn féin.