Cé a cheannódh nuachtán?

BEOCHEIST: “CÉ DO cheannódh dán?” an cheist a chuir file na céadta bliain ó shin, ceist a bheadh oiriúnach fós sa lá atá inniu…

BEOCHEIST:"CÉ DO cheannódh dán?" an cheist a chuir file na céadta bliain ó shin, ceist a bheadh oiriúnach fós sa lá atá inniu ann – go háirithe sa nGaeilge. Ach le roinnt seachtainí anuas, b'fhéidir gurb é "Cé a cheannódh nuachtán?" an casadh níos tráthúla a ba chóir a bhaint as an líne chéanna.

Don dara huair le bliain, tá nuachtán Gaeilge dúnta agus fostaithe curtha chun bóthair. Don dara huair, is é maoiniú an nuachtáin atá ina chnámh spairne. Go simplí, dúirt Móinéar Teo, an comhlacht a fhoilsíonn Foinse go raibh titim thubáisteach ar an bhfógraíocht a bhíodh ag teacht isteach agus nár leor an deontas a bhí á thairiscint ag Foras na Gaeilge.

De réir Seán Clancy, príomhfheidhmeanach an chomhlachta, bhí Foinse ag cailliúint airgid gach seachtain agus dúirt sé go bhféadfaí cailliúint €200,000 bheith air faoi mhí Lúnasa. Mheas Foras na Gaeilge gur leor an tairiscint a bhí déanta acu (€355,000 in aghaidh na bliana) agus chuir siad in iúl go raibh ardú 16.3 faoin gcéad déanta ar an maoiniú sa gconradh nua.

Impasse iomlán a tháinig amach as na cainteanna a cuireadh ar siúl agus don té a bhíonn ag léamh idir na línte, is léir gur in easaontas géar a chuaigh an dá thaobh le linn na gcainteanna sin. Is é deireadh an scéil é go bhfuil fógra scoir tugtha don bhfoireann agus go bhfuil an Foras ag déanamh réidh chun an conradh a athfhógairt an tseachtain seo. Maíonn siad go bhfuil suim léirithe ag dreamanna áirithe ann cheana féin.

READ MORE

Tá seans ann fós go bhféadfadh grúpa den bhfoireann cur isteach ar an gconradh nua ach is in iomaíocht a bheidh siad le comhlachtaí eile. Bheadh sé de bhuntáiste acu, áfach, go bhfuil taithí na mblianta acu ar an gceird, gurbh fhéidir leo tosnú láithreach gan mhoill earcaíochta agus ullmhúcháin agus go bhfuil siad lonnaithe sa nGaeltacht. Ar an bpointe deiridh sin, is mór an cuidiú fósta an méid atá ráite ag Liam Ó Cuinneagáin, cathaoirleach Údarás na Gaeltachta, go mbeadh an tÚdarás sásta tacaíocht a thabhairt don bhfoireann dá gceannódh siad an nuachtán.

Téann dhá fhadhb mhóra le foilsiú nuachta i gcló sa nGaeilge – tráthúlacht agus easpa airgid. Is léir go dtéann deacrachtaí faoi mhaoiniú nuachtán Gaeilge siar go dtí bunú an Stáit agus, gan dabht, i bhfad roimhe sin i gcás foilseachán a cuireadh le chéile go deonach gan chabhair stáit ar bith.

Ach cuimhneoidh a lán daoine fós ar an dream beag dílis a d’fhoilsíodh Inniu idir 1943 agus 1984 ar bheagán airgid agus ar mhórán díograise.

Ní bhíodh acmhainní an ríomhaire, gan a bheith ag trácht ar an Idirlíon, ar fáil don bhfoireann fhuinniúil sin, Ciarán Ó Nualláin, Proinsias Mac a’ Bheatha nó Tarlach Ó hUid. Cé go ndearna siad a ndícheall chun nuacht reatha bheith acu, ní raibh siad i ndán dul san iomaíocht le nuachtáin an Bhéarla.

Sna blianta deireanacha seo, is féidir le haistritheoir ábalta ábhar tráthúil nuachtáin a fháil agus a ullmhú go héasca le cabhair ón Idirlíon agus na foinsí nuachta a bhíonn le fáil air. Ní bhíodh na háiseanna sin ar fáil do lucht Inniu agus de réir a chéile agus gan mórán buíochais, cuireadh an fhoireann aosta sin amach ar féarach.

Má bhí cuma liath seanfhaiseanta ar Inniu, bhí cuma nua dáite spleodrach ar a chomharba, Anois, agus mar bharr ar an athrú íomhá, cheap Dónall Ó Móráin, Gael Linn, bean spleodrach mar eagarthóir, Bibi Baskin. In aineoinn gach iarrachta a rinne an Móránach agus an fhoireann, bhíodh na seanfhadhbanna á gcrá: easpa airgid; easpa áiseanna agus easpa foirne.

Bhí na fadhbanna céanna ag Lá Nua agus ag Foinse agus muna dtagann athrú ar phríorachtaí buiséid an Fhorais, is féidir bheith cinnte go mbeidh na deacrachtaí céanna ag an chéad nuachtán eile Gaeilge a thiocfaidh amach.

Sula dtéann cúrsaí níos faide, ba chóir dúinn cuimhneamh ar an méid seo: bhain Foinse amach an caighdeán is airde iriseoireachta sa nGaeilge go dtí seo; chuir siad foireann mhaith le chéile agus má scaiptear iad, beidh sé sin caillte go deo. Mheall siad scríbhneoirí maithe agus tá ábhar iontach fáis agus forbartha ann agus tá sé lonnaithe sa nGaeltacht.

Ach, ní hiad an Foras, an Roinn ná an tÚdarás amháin a bhfuil freagracht orthu faoi chás bocht na bhfoilseachán Gaeilge ar fad. Cá bhfuil na pingneacha suaracha a chaitheann Gaeilgeoirí ar chaifé gach lá nuair atá nuachtán maith Gaeilge gan díol ar na seastáin?

Cé a cheannódh dán?

Cappuccino eile le do thoil!