Bleaistféim!

CROBHINGNE: TÁ CHOMH maith agam é seo a dhéanamh anois láithreach bonn baill, is é sin, sara dtiocfaidh an dlí nua i bhfeidhm…

CROBHINGNE:TÁ CHOMH maith agam é seo a dhéanamh anois láithreach bonn baill, is é sin, sara dtiocfaidh an dlí nua i bhfeidhm. Mura ndéanaim anois é, is róbhaol go mbeidh mo chloigeann ar spíce, m'ionathar ar leathadh, agus mo cheann ar an gceap.

Is amhlaidh nach bhfuilim chomh buíoch sin de na déithe, agus tá gach seans ann nach bhfuil na déithe róbhuíoch díomsa ach an oiread. Is é ba mhian liom cuid de na déithe seo a mhallachtú, agus cuid eile díobh a aithisiú, agus a thuilleadh ina ndiaidh sin a dhíbirt chun an phoill a ndíobródh siad sinne, ach an chaoi sin a bheith acu. Tá gach aon dealramh ar an scéal go bhfuil an chumhacht sin deonaithe dóibh ag an Aire Dlí agus Díoltais, dá réir sin, ní mór a bheith ar an airdeall.

Ina choinne sin, níl aon chúis nach mallachtóinn, mar shampla, Tezcatilbrechomhana, a n-íobairtí tríocha míle maighdean ar a shon gach bliain ar shráideanna Mhexico, sula raibh aon chaint ar ghalar na muc. Go deimhin, ní shéanaim nach bhfuil gá leis an Dia Ceilteach Muccos faoi láthair, ach ní léir dom go bhfuil mórán daoine ag impí air teacht i gcabhair orainn.

Is dócha go bhfuil íde na muc, pé ní mar gheall ar na madraí tuillte aige. Agus míle marbhfháisc ar Eponaharni ar chuma léi mar bhandia ach a bheith ag crú na ngnáthdhaoine agus á síneadh ar chróchair is ar thrallaí. Ní mór nach bhfuil dearmad déanta ar Cuillchiearliecreeviho a bhí ina dhia mór tráth, ach anois go bhfuil amhras ar dhaoine ar chreid sé in aon rud riamh seachas ina húrmhargadh féin. Cén duine amuigh ansin a mbeadh aon bheann aige ar Yacbhatocuiv ó na tíortha teo laisteas gar do Tierra del Fuego, nach raibh léamh ná scríobh aige, agus nárbh eol dó nach raibh?

READ MORE

Agus na déithe, mar adéarfá, Ceilteacha dá réir chéanna. Tá An Daggarda beo i Luimneach fós, ach ní ghéilleann ach tuairim is 80 faoin gcéad den phobal dó. Feirmeoirí caorach is túisce a éisteann le méileach Baal, deontas ann nó as, ach is fairsinge é ná sléibhte Chiarraí agus úrscéalta Phádraig Ua Mhaoileoin. Bhí file Gaeilge tráth ann a dhein adhradh ar Ogma, ach is amhlaidh gur scríobh sé drochdhán ina dhiaidh sin. Thuairimigh sé gur ‘Och, mah!’ an bunús a bhí lena ainm, agus is oilbhéim a bhí aige dó ina dhiaidh sin.

Tá ráite gur dia Éigipteach ba ea Isis, ach is léire gur dia dúbailte na copaile Gaeilge ba ea í, agus dá réir sin gur thuill sé díbliú lucht foghlamtha na teanga nár léir dóibh an difear a bhí idir ‘is’ agus ‘tá’. Chuaigh daoine eile le ‘Tátá’, dia a shamhlaítear le lucht amhrais a bhfuil stad sa chaint acu, nó gur leagan eile é d’ainm easpaig ón Afraic Theas ach siolla éagsúil a bheith i dtreis.

Ós san Afraic atáimid, ní féidir gan dearmad ar an ndia Yorubach Yamaha, arb é dia na ngluaisrothar é. Is mó sin duine a dhein íobairt bheatha ar a shon agus ní miste dúinn e a tharcaisniú dá réir sin.

Is é Lugh an dia Éireannach is mó a bhí ann roimh Dhia. Níor fhág sé ach contae beag bídeach ina dhiaidh agus mí nach dual don ghrian a bheith ag taitneamh ann seachas uair sna seacht mbliana.

Is fíor gur chuir sé cailleacha ag pramsáil ar chlár, nó ag rince ar bhord, nó ag damhsa ar thábla i ndráma de chuid Bhriain Friel, ach is beag atá déanta aige idir an dá linn.

Ní fios an raibh gaol idir an dia seo againn féin agus Lugs Brannigan a smachtaíodh an aicme choiriúil san ardchathair tráth dá raibh, ach is deimhnitheach dúinn, adeir scoláirí ardcháile, gurb ónár dhia féin féinig a thagann an focal Béarla ‘lugubrious’. Cúis eile fós ar cheart dúinn an t-achasán a chasadh leis.

Ar chúis éigin samhlaíonn tú gur cheart na tarcaisní is measa a choimeád do na déithe aduaidh. Ná bactar Nut ón Éigipt arb é cnú na cúise go raibh sé riamh as a mheabhair. Is deacair gean d’aon tsórt a thabhairt do na déithe mar a léiríonn Snotti Stumpulsson iad ina shaothar siúd, ná go deimhin, sna leaganacha ceoldrámata a scríobh Wagner, is cuma nó an Goddamdungarung nó Der Ring Des Nibbleupandunders atá i gceist.

Ní hé atá uaim, gan amhras, masla a thabhairt do dhéithe dhuine ar bith. Ach is minic gurb iad na déithe féin a éilíonn go maslófaí iad. Cuirtear isteach do mhasla anois, sara mbeidh sé ródhéanach!

An amhlaidh nár éist Moloch leat nuair a chuir tú corpáin leanaí óga chuige? An amhlaidh nár dhein Nemo do thoil nuair a theastaigh uaidh cluiche a bhuachan?

Bíodh an diabhal acu! Nó Béalsabúb! Nó Béalial! Nó Iblis! Nó Lúisiféar!

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar