Báire na fola

Déarfadh daoine áirithe nach bhfuil ann ach spairn bheag áitiúil. Daoine eile gur géarchéim náisiúnta í

Déarfadh daoine áirithe nach bhfuil ann ach spairn bheag áitiúil. Daoine eile gur géarchéim náisiúnta í. Is é nach dtuigeann siad ná gur ceist mhór fhealsúnta atá sa treis.

Cé acu is tábhachtaí, an seinnteoir nó an seinntí? An ceol nó an gléas adhmaid? An miongháire nó an cat clárach? Imreoirí Chorcaí nó cultacha míne bhord an chontae?

Gabhann go ceartlár gnímh ealaíonta ar bith. An é an neach a dheineann an bheart, agus a cheolann an bheart, agus a uaislíonn an bheart is fearr tuiscint agus údarás, seachas an giolla a fhéachann ar an ngnó ón imeall agus a bhfuil peann na rialacha leamha ina láimh?

Tá foirne sinsir iomána agus peile Chorcaí ar stailc. B'fhéidir áthas a bheith ar aon chontae tríochad eile, ach baineann sé leo chomh maith céanna.

READ MORE

Aighneas atá ann idir na healaíontóirí agus na bainisteoirí. Aighneas idir an té a chuireann a chloigeann agus a chroí ar an gceap, agus an té a bhfuil cathaoir faoina thóin. Aighneas idir an chruthaitheacht ardaigeanta agus an script litriúil phiúratánach nach dtuigeann ach na línte ar an gcóipleabhar scoile.

Tá bord an chontae ag iarraidh córas casta amaideach seanfhaiseanta a chur siar ar na foirne ar mhaithe le holc. Tá an fhoireann ag iarraidh an rud is fearr do Chorcaigh, don chluiche, don chomóntacht, don khop on.

Tá an fhoireann ag iarraidh imirt, agus dearmad a dhéanamh ar gach cúinse eile lasmuigh de sin; tá an bord ag deimhniú go mbeidh an suarachas beag áitiúil ag imirt mar dhuine breise i lár an ghoirt.

Is é Frank Murphy rúnaí Bhord Chumann Lúithchleas Gael sa chontae. Ba réiteoir thar barr é. Bhí sé ar fheabhas ar an bhfeadóig. Fear riaracháin den scoth é. Is é rí agus impire agus Maois an riaracháin é. Ní riarthóir go dtí é.

Ach is mór idir cluiche páirce agus cruinniú cúinne. Agus is san difríocht sin a chímid an deighilt mheoin agus samhlaíochta idir Dlí Uí Mhurchú agus aindlí na himeartha. Carnabhal is ea an cluiche.

An dream a théann ag féachaint ar chluiche ní hé 'freagracht', ná 'béasa', ná 'cloí leis na rialacha' is cás leo. Fearann saoirse is ea an cluiche. Áit a bhfuil tallann agus scil agus buile agus mire agus tógáil meanman in uachtar. Baineann béasa le Louis XVI agus rialacha leis an státseirbhís.

An dream a théann ag féachaint ar chluiche tá gaisce ag teastáil uathu. Agus ní bhaineann gaisce le rialacha ná le béasa ná leis an aicme shagartúil a bhfuil cónaí orthu sa leabhar nótaí.

Bhí cluichí riamh ann ar an tsráid, sa ghort, i gcoinne na binne i bhfad sular cuimhníodh ar eagar a chur orthu.

Dá n-imeodh riarthóirí na gcluichí go léir soir nó siar in aon tsúnamaí amháin bheadh cluichí fós ann dá n-ainneoin. Dá mbáifí gach eagarthóir liteartha i dtonn tóime thíos bheadh scríbhneoirí ag scribleáil.

Dá gcrochfaí gach sagart le hinní gach easpaig bheadh daoine fós ann a chreidfeadh i nDia. Dá gcuirfí gach bainisteoir stáitse agus amharclainne i bpríosún, bheadh ceol agus amhránaíocht fós le clos. Is é sin aindlí na healaíne.

Ealaín riamh ba ea an iomáint - agus voil, abraimis, ar son na hargóna, de thuras na huaire, abraimis, spóirt thánaisteacha eile. Den ealaín áirithe seo an misneach agus an neart agus an chrógacht. Sin í ealaín an ghoirt: ealaín fhearúil, cheann-ar-aghaidh, dhul-sa-tseans. Lucht troda iad imreoirí. Mura mbeadh sin, ní bhainfeadh siad rud ar bith. Níl acu ach a gcuid samhlaíochta sciliúla féin.

Cleasaíocht shleamhain shlítheánta gan a bheith slán is ea ealaín an chruinnithe. Smut éigin den oíche agus de na sceana fada ag baint leis. Ola na bhfocal mar inneall; bior na bhfocal mar phointe nimhe.

Ní foláir don imreoir agus don ealaíontóir a bheith easumhal. Sin é a mbranar ceart dúchais. Ní hé a ngnó géilleadh dá dtiarna. Is é a ngnó a bheith dílis dá ngairm.

Éilíonn an riarthóir go ngéillfí dó, is é mian an fheidhmeannaigh go mbeadh daoine feidhmeach.

Idir ealaíontóirí Chorcaí agus na feidhmeannaigh leamha tá clais nach líonfar go dtuigfear go n-imríonn imreoirí ar son an spóirt, agus an chluiche, agus ar a son féin, agus an gheansaí, agus na glóire, agus b'fhéidir go fiú ar son an bhainisteora; ach ní imreoidh imreoir choíche ar son riarthóra ná réiteora ná rúnaí ná bord an chontae.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar