An Iarmhairt

 

CROBHINGNE:TROIDEADH AN droch-chogadh, agus bhí an lá le lucht na leathinise. Dar cníosc! Ní dócha go bhfuil aon duine ag iarraidh go gcloisfí drud arís mar gheall ar Chonradh Liospóin, ach ní chuige sin an bhleaist eile seo go háirithe.

Is chuige í le míthuiscint bhunúsach a mhíniú maidir linne, idirnáisiúnaithe, agus lucht na leathinise bige caoile, agus leis an bplé a leathnú ón gcúinge ina raibh sé sáite d'aon ghnó.

Cuireadh i leith lucht an diúltaimh go raibh siad leithleasach, oileánda, imleacánach agus imeallach. Níl aon amhras ná go raibh cuid acu mar sin.

Táimse i gcoinne na hEorpa. Ní bhraithim braon Eorpach im chuid fola seachas braon de shaghas ar bith eile. In aghaidh na hEorpa coinním greim dúid ar mo shúgán féin den daonnacht.

Scéal eile uaim. Chaith mé seal dem óige fhásta san Afraic, i dtíortha éagsúla. Bhí stair na hAfraice á teagasc agam, agus mé leathanach nó dhó chun cinn ar mo chuid mac léinn ar dtúis. B'éigean dom mórán a fhoghlaim go grod, rud a dhein.

Dhein mé athscríobh ar chaibidlí téacsleabhar a raibh Maitheasaí an Choilíneachaisorthu mar theidil. Cheap mé go raibh mé slán sleamhain ó na huafáis arbh éigean dom trácht orthu, in ainneoin mo sheithe gile, nuair nach raibh griandóite.

Phléigh mé an saol agus an pholaitíocht mar a dheineann. Cara liom a bhí ina léachtóir in Ollscoil Ibadan, is cuimhin liom comhrá fada amháin, comhrá aonair as scata. Phléamar an Eoraip, an Afraic, an Áis, Vítneam, Cúba, Meiriceá Theas, pé rud a bhí sa treis.

Luadh trádáil na milliún Afracach ina sclábhaithe, crochadh na mílte sa Chéinia roinnt bhlianta roimhe sin, na Beilgigh sa Chongó ag baint na lámha de dhaoine nár mharaigh siad ar son an rubair, na Poirtingéalaigh a bhí san Mhosaimbíc ó 1498, na Gearmánaigh san Afraic Thiar Theas mar a bhíodh air.

"Sibhse Eorpaigh a rinne seo ar fad!" ar seisean, agus bíodh is gur chara liom é, ba léir go raibh sé corraithe agus gortaithe go héag. Dhein mé iarracht ar gháire a ligean, mar gan amhras, ní raibh aon bhaint againne, Gaeil bhochta na glanáille, leis seo. Ba mheasa fós a gháire dóite féin. "Nuair a bhí sibhse, Eorpaigh, dár gcur ar bord loinge lenár ndíbirt mar lastas feola gan ainm go haontaí sclábhaíochta Mheiriceá Thuaidh is Theas, níor fhiafraigh sibh ar Igbo nó Yoruba nó Ogoni nó Tiv nó Hausa nó Fulani sinn. B'Afracaigh sinn, sin uile. Ná scaoiltear na lámha glana chugamsa! Eorpaigh sibh go léir, dar linne."

Shocraigh mé ar ala na huaire sin, nach Eorpach mé, agus nach mbeinn im Eorpach go brách.

Sea, má sea, arsa tusa, "Ach tá deireadh leis sin anois, tá deireadh le coilíneachas na hEorpa, agus is fórsa chun maitheasa sinn feasta." Agus "Sin í an aimsir chaite, ná tarraingítear scéalta mar sin aníos arís, is iad atá thart."

Voil, scéal eile agam daoibh. Táimidne, is é sin, sinne, Eorpaigh, ag troid san Iaráic san ionsaí mídhleathach barbartha a deineadh ar an tír sin. Ar a laghad tá Iodálaigh ann, agus Rúmánaigh freisin, agus Briotanaigh gan amhras, agus Bulgáraigh ar chúis éigin, agus Seicigh a scaoileadh amach, agus Danmhargaigh sa sean-nós Lochlannach, agus Dúitsigh a chumfaidh leithscéal éigin, agus Eastónaigh ar cheart go mbeadh níos mó céille acu, agus Ungáraigh ag filleadh ar a ndúchas, agus Laitviaigh nár thaobhaigh riamh leis na Naitsithe, agus Polannaigh an Iar-Phápa, agus Slóvacaigh nach nós leo an concas, agus Spáinnigh a scaoileadh saor ón 15ú haois.

Cé mhéid daoine a mharaíomar, Eorpaigh, le cúpla bliain anuas?

Agus ansin, táimid san Afganastáin chomh maith. A bhformhór siúd thuasluaite agus Beilgigh, agus Francaigh, agus Gearmánaigh, agus Ioruaidh, agus Poirtingéalaigh, agus Gaeil Éireannacha, agus Sualannaigh, agus Turcaigh (siúd is nach bhfuil ach smut den tír sin san Eoraip fós). An mó cupán fola a líonamar, Eorpaigh, sa chrích sin na hAfganastáine le tamall?

Ceal léarscáile, níl áireamh agam ar na tíortha eile a bhfuilimidne, Eorpaigh, ag múineadh béasa do na neachanna dorcha eile sin lasmuigh den dlí.

San díospóireacht le déanaí is amhlaidh gur bhain sí linne, agus ó am go chéile leis na hEorpaigh eile. Ba dhóigh leat gur stop an domhan ag Algeciras nó i bportach éigin sa bhFionlainn.

Drochlá ba ea é do na daoine a chreideann sa domhan mór. Bua iontach do na leithinseachánaigh chúnga chaola a bhfuil imleacán chomh domhain acu le poll dorcha ar bith.