An Bhanríon a chumhdach

 

BEOCHEIST:“FAIRIS SIN, iarraimid ort gach uile Rí, Ruire agus Rófhlaith Críostaí a choimeád agus a chumhdach; agus go mór mór do sheirbhíseach ELIZABETH ár mBanríon; ionas go mbímid ár rialú féin go diaga agus go suaimhneasach.”

Seo mar a théann an phaidir don Teaghlach Ríoga i leagan Gaeilge Leabhar na hUrnaí Coitinne de chuid Eaglais na hÉireann, 2004.

Chuirfeadh a leithéid gliondar ar mhórán Gaeilgeoirí is dócha, agus ní dócha go n-úsáidtear an phaidir chéanna go rómhinic (tá paidir ar son an Uachtaráin i bhfeidhm sa Deisceart, áit a mbíonn formhór sheirbhísí Gaeilge na heaglaise ar siúl).

Ar chúinsí intuigthe staire, bíonn nasc an-tréan idir an Caitliceachas Rómhánach, an náisiúnachas agus an Ghaeilge, rud a fheictear, mar shampla, sna hAifrinn Ghaeilge a bhíonn mar chuid lárnach i mórán de na féilte cultúrtha teanga.

I gcomhthéacs ráitis dhiúltacha i leith na Gaeilge a rinne roinnt polaiteoirí sinsearacha aontachtacha, chas toscaireacht ó Eaglais na hÉireann le hionadaithe polaitiúla aontachtacha ón UUP agus an DUP, faoi seach, ag tús na bliana seo.

Chuir an toscaireacht cáipéis faoi bhráid na bpolaiteoirí, ag cur ina luí orthu a gcreideamh go bhféadfadh suim sa Ghaeilge bheith ag teacht le Protastúnachas agus/nó le dearcadh polaitiúil aontachtach, agus go bhféadfadh ceangail le Gàidhlig na hAlban, Gaeilge Oileán Mhanann, an Bhreatnais agus an Choirnis bheith mar bhealaí le naisc a chruthú leis na réigiúin eile sa Ríocht Aontaithe/ar na hoileáin.

An féidir a rá go fírinneach go raibh spás i saol na Gaeilge do Ghaeilgeoir le hionannas aontachtach le blianta anuas? Céard a bheadh le rá ag aontachtaí le Gaeilge?

Dar le Gordon McCoy, Tuaisceartach a thabharfadh “aontachtaí le ‘a’ beag” air féin, bíonn baint láidir ag an scolaíocht le cothú ionannais.

Is cuimhin leis Upon Westminster Bridge a fhoghlaim de ghlanmheabhair ar scoil, ach gan mórán faoi stair nó filíocht na hÉireann a fhoghlaim ansin. Mhothaigh sé “offshore” agus nuair a thosaigh sé ag obair, thug sé aghaidh ar Londain, “croílár an domhain” dó ag an bpointe sin.

Ar ais in Éirinn dó, áfach, bhí sé deacair ionannú a dhéanamh leis an áit a raibh sé lonnaithe, gan suim aige san Ord Oráisteach agus a leithéid.

Na greannáin a léigh sé, cláracha a chonaic sé ar an teilifís, ba as Sasana a thagaidís. Faic ag tarlú ina áit féin ach na Trioblóidí.

Is cuimhin leis iontas bheith air nuair a chonaic sé seacht n-iomann le teidil Ghaeilge sa seanchló Gaelach sa Church Hymnal a bronnadh air ag a chóineartú (nuair a bhí sé 13 bliain d’aois).

Tríd an cheol, Clannad agus a leithéid, músclaíodh suim ann sa Ghaeilge. Bhí gliondar air nuair a fuair sé amach go raibh ciall teanga sna logainmneacha. Bhí sruthán in aice lena theach agus ar an bhruach ansiúd, bhí baile fearainn ann darbh ainm Baile an Chlocháin – “townland of the stepping stone”.

Bhí a shloinne féin McCoy/Mac Aoidh sothuigthe sa Ghaeilge. Sna bealaí seo, bhí sé in ann an Ghaeilge a shamhlú lena áit agus a dhúchas féin, agus diaidh ar ndiaidh chabhraigh an Ghaeilge leis bheith níos sásta.

Nuair a thug sé cuairt ar Ghaoth Dobhair, baineadh siar as an Ghaeilge a chloisteáil á labhairt mar theanga phobail. Ní teanga mharbh na leabhar a bhí inti, mar a chreideann mórán Protastúnach go fóill, dar leis.

Cé go dtuigeann Gordon go maith an cúlra tromchúiseach stairiúil, aistear uaigneach aonair a bhí ann do Phrotastúnach óg an Ghaeilge a shealbhú sna 1980idí, agus na Trioblóidí faoi lán seoil, in éagmais áiseanna ag an teanga i lár ‘neodrach’ na cathrach, taobh amuigh de na seanleabhair a bhíodh ar fáil i Leabharlann an Halla an Línéadaigh.

Oibríonn sé anois le hULTACH, eagras a bunaíodh chun an teanga a chur chun tosaigh ar bhunús trasphobail sa Tuaisceart.

Na nithe is suntasaí atá le baint as scéal Gordon ná nach raibh timpeallacht fheiliúnach ann le blianta fada chun an Ghaeilge a chur chun tosaigh i measc phobal Phrotastúnach nó aontachtach (agus ní hionann an dá rud) na sé chontae ar bhealaí a d’fhreagair dá n-ionannas áite, dúchas agus cúlra creidimh agus nach raibh spásanna dóibh chun an teanga a shealbhú, dá mbeadh suim acu inti.

Bhí faillí sa chóras oideachais freisin. Is léir go raibh forbairtí de dhíth chun an fhís gur seoid do mhuintir uile na hÉireann í an Ghaeilge a réadú.

Conas mar atá cúrsaí anois?