Wolfi Landstreicher, bacach bóthair, agus a chairde

Bás Shócraitéas: 'Saol amú saol gan scrúdú' - Sócraitéas. Le tamall de bhlianta anuas tá duine a scríobhann faoin ainm Wolfi Landstreicher ("straeire", "siúlóir" nó "bacach bóthair" an bhrí atá lena shloinne) ag féachaint orainn agus dár ndianscrúdú...'

Bás Shócraitéas: 'Saol amú saol gan scrúdú' - Sócraitéas. Le tamall de bhlianta anuas tá duine a scríobhann faoin ainm Wolfi Landstreicher ("straeire", "siúlóir" nó "bacach bóthair" an bhrí atá lena shloinne) ag féachaint orainn agus dár ndianscrúdú...'

 

‘SAOL AMÚ saol gan scrúdú.” – Sócraitéas. Le tamall de bhlianta anuas tá duine a scríobhann faoin ainm Wolfi Landstreicher (“straeire”, “siúlóir” nó “bacach bóthair” an bhrí atá lena shloinne) ag féachaint orainn agus dár ndianscrúdú ar an mbealach seo a leanas.

Dúisíonn an clog aláraim thú, róluath mar is gnáth. Cithfholcadh. Leithreas. (Is é sin mura bhfuil tú chomh hiata sin ar fad ag galair éagsúla na sibhialtachta nach bhfreagraíonn tú do ghlaoch an nádúir a thuilleadh!) Tósta agus ubh, b’fhéidir. Caife ... ach dóthain ama a bheith agat chuige. Tae glas ar do shuaimhneas? Ní dóigh liom é. Amach an doras leat. Brostaigh, in ainm Chroim. Tá Éire ag brath ort!

I ngleic leis na sluaite daoine a bheidh tú gan mhoill. Sodar chun na hoifige. Tranglam. Cén Ghaeilge atá ar “bumper to bumper?” Srón muice le tóin muice. Anois. Féach ort féin. “I measc na bplód gan ainm,” mar a deir an Direánach a rugadh 100 bliain ó shin, creid é nó ná creid. Thuig seisean galar na sibhialtachta ach ar thuig sé a leigheas?

Sroicheann tú an láthair oibre, an oifig, an mhonarcha, an siopa. Caidreamh éigeantach agat le daoine eile agus sibh i mbun na dtascanna céanna, a bheag nó a mhór, lá i ndiaidh lae, seachtain i ndiaidh seachtaine, mí i ndiaidh míosa, bliain i ndiaidh a chéile. Aidhm na dtasacanna sin go léir ná an patrún thuas (ag tosú leis an gclog aláraim) a bhuanú go dtí aois do phinsin. Agus i bhfaiteadh na súl tá do shaol beagnach thart.

Bhuel, cad eile a dhéanfá? Ní hé go raibh aon rogha agat, an raibh? Fiacail sa mheaisín thú, sine den slabhra. An cuimhin leat an íomhá iontach sin de Charlie Chaplin agus é istigh sa mheaisín? B’in Modern Times(1936). Chonaic seisean ag teacht é. “Scrios an meaisín,” a deir Landstreicher! “Bhí an ceart ag Ned Ludd! Scrios an meaisín!”

Toisc nach gcreideann an-chuid daoine ina gcroí istigh sa jab atá acu, is ag tuilleamh airgid a bhíonn siad chun éalú ón jab céanna; caitheann siad a gcuid airgid go fonnmhar chun dearmad a dhéanamh ar an jab: alcól, bréagáin, drugaí, saoire, spórt, teilifís, bialanna, na healaíona, siamsaíocht etc.) Ardú pá? Go diail. Amach linn is ceannaímis stuif nua dúinn féin. Dá mhéad stuif atá againn is ea is fearr. Mura bhfuil stuif agat ní duine ceart in aon chor thú ach saghas púca, nó Don Cíochótae, nó ridire fáin, nó Landstreicher, nó Pádraic Ó Conaire.

Tá méid áirithe i gcoitinne idir ainrialaithe, primitívigh agus máistrí spioradálta. Ceistíonn siad araon ár gcuid nósanna, imlíníonn siad ár ndaoirse dúinn. Más daoirse í. Thabharfadh an-chuid daoine saoirse ar a leithéid agus throidfidís go bás ar a son. Ach samhlaigh gur ag troid ar son a ndaoirse a bhíodar i ngan fhios dóibh féin. Nach mbeadh sé sin thar a bheith greannmhar? (Más greann dorcha féin é).

Níl a fhios agam cá raibh sé i bhfolach orm go dtí seo ach níor chuala mise trácht ar an bprimitíveachas ainrialaitheach (anarcho-primitivism) go dtí bliain seo ár dTiarna 2010. (Ná luaigh an focal “tiarna” leosan!) Duine de laochra na gluaiseachta sin is ea Wolfi Landstreicher. Is breá liom é mar ainm. Fear siúil. Bacach bóthair. Nuair a smaoiníonn tú air, níl an bacach bóthair rófheiceálach na laethanta seo, an bhfuil? Ní cheadaítear fálróid ar na bealaí móra. Tá ceamaraí amuigh ansin agus is maith a aithníonn siad na ruagairí reatha!

TÁ aithne agam ar Bhleá Cliathach a bhí ar saoire i Meiriceá. Bhí cóisir ar siúl sa tigh áirithe seo. Amach le mo dhuine chun aer úr a fháil dó féin. Bhí buidéal beorach ina ghlac. An chéad rud eile, héileacaptar os a chionn in airde agus guth scanrúil mar a bheadh Dia ag béicíl trí na scamaill air: “Isteach sa tigh leat láithreach!” Anois duit! “The land of the free?”

Eachtraí den sórt sin a dhearbhaíonn don ainrialaí go bhfuil rud éigin lofa – agus scanrúil – i gceartlár na sibhialtachta atá cruthaithe againn. (Cuimhnigh gur tugadh ainrialaithe tráth ar dhaoine a bhféachtar inniu orthu mar thírghráthóirí, Ó Donnabháin Rosa agus a chomhghleacaithe cuir i gcás).

Feictear do na primitívigh agus do na hainrialaithe go bhfuil an domhan go léir críochdheighilte: fálta agus bacanna gach áit. Bacanna fisiceacha. Bacanna dlí. Bacanna morálta. Bacanna sóisialta. Bacanna míleata. Bacanna. Bacanna. Bacanna. Ná bac le mac an bhacaigh is ní bhacfaidh mac an bhacaigh leat, a deirtear, ach tá goimh cheart ar mhac an bhacaigh ar na saolta seo – agus is iad na bacanna is cúis leis.

Tá rud amháin comónta idir Búdaigh agus ainrialaithe; molann siad araon dúinn a bheith criticiúil ní hamháin faoi thuairimí daoine eile ach faoinár dtuairimí féin. Deir na Búdaigh: “Má chastar an Búda ar an mbóthar ort, maraigh é!” I bhfocail eile, ná bíodh do bhrath ar bhriathra an Bhúda ná éinne eile, bí ag brath ort féin, ar do bhreith féin amháin agus bí dian ort féin. Ina dhiaidh sin is uile, dá thábhachtaí é an réasún agus an réasúnaíocht, ní hiad is tábhachtaí ar fad, a deir na primitívigh is na hainrialaithe agus bheinn ag teacht leo sa mhéid sin. Is féidir an réasún a tharchéimniú; is féidir agus is ceart dul in aghaidh an réasúin más gá.

An bhfuil a fhios agat go bhfuil brí thánaisteach leis an bhfocal “réasún” sa Ghaeilge? Tá. An púicín a chuirfeá ar chapall. “Réasún” a thugtar air sin leis.

Níl a fhios agam an réiteoinn go maith le Landstreicher dá mbuailfinn leis. Ní thaitníonn filí rómhór leis más fíor a ndeir sé sa leabhar Reasons of Flame, Rants and Poetry of Wolfi Landstreicher(Venomous Butterfly Publications).

File ceart, dar leis, is ea an duine a bhfuil paisean ann, duine a dteastaíonn uaidh saol iomlán a chaitheamh agus an saol sin a léiriú i ndánta loiscneacha. Caith uaim filí buirgéiseacha, a deir sé. Is maith leis na filí sin a chuireann in aghaidh luachanna na sochaí, daoine ar nós Renzo Novatore (Iodálach) agus Benjamin Péret (Francach).

Aithníonn ciaróg ciaróg eile, muise. Ainrialaí (cad eile) ab ea Novatore (1890-1922). Scór bliain d’aois a bhí sé nuair a chuir sé an séipéal áitiúil trí thine. Feirmeoir bocht ab ea a athair ach ní threabhfadh Novatore gort ar ór ná ar airgead.

Ina áit sin, ghoidfeadh sé sicín dó féin. Chun é a ithe? Ní hea ach chun é a dhíol, d’fhonn leabhair a cheannach, leabhair a léifeadh sé san fhoraois i bhfad óna naimhde. Póilíní agus iad gléasta mar shealgairí a mharaigh é sa deireadh.

Seo an saghas ruda a tháinig óna pheann: “Dearg é an contráth./Fuilteach é dul faoi na gréine./Buaileann an bhuairt a sciatháin phreabarnacha sa ghaoth./Sciatháin chródhearga, sciatháin ar dhubhaigh an bás iad.”

Agus an fear eile? Péret, ambaist (1899-1959). Ní póilíní i riocht sealgairí a mharaigh eisean ach bás nádúrtha. Sliocht as aiste fhileata ar théama an uisce é seo: “I bhfoirm báistí, déantar péist den uisce agus tollann an chré. Téann na péisteanna sin go domhain sa chré, cruinníonn siad ina meallta gan áireamh i loig nádúrtha agus caitheann seile i bhfoirm peitril...”

Foghlaimím rud éigin nua gach lá.

Foclóir

ainrialaíanarchist

bréagántoy

ciarógbeetle

cithfholcadhshower

éigeantachcompulsory

fálróid(act of) strolling

loiscneachscorching

meaisínmachine

míleatamilitary

moráltamoral

ridireknight

sealgairehunter

sochaísociety

sóisialtasocial

tranglamcrowded confusion