Vearsa ar staitse

Cé a deir nach bhfuil pobal i mBaile Átha Cliath do dhrámaí Gaeilge? Bhí Amharclann an THEatre Space@Henry Place lán go doras…

Cé a deir nach bhfuil pobal i mBaile Átha Cliath do dhrámaí Gaeilge? Bhí Amharclann an THEatre Space@Henry Place lán go doras Dé hAoine agus Dé Sathairn seo caite, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Dhá dhráma véarsaíochta a bhí ar an stáitse, Méar na Síóige Aeraí Áille le Alan Titley, léirithe ag Cumann Drámaíochta Ráth Cairn agus An Dá Dhruncaeir a scríobhadh síos ó bhéalaithris Thaidhg Uí Chonchúir breis agus ceithre scór bliain ó shin, léirithe ag Aisteoirí Bhréanainn, Corca Dhuibhne.

Ba é seo an chéad uair do Titley tabhairt faoi dhráma véarsaíochta agus sampla den tuiseal ginideach sa dara díochlaonadh, a bhí i nGraiméar na mBráithre Críostaí, a thug an teideal dó.

Dráma é a bhí deacair a léiriú ar an stáitse mar bhí sé lán de shiombalachas agus de mhóitífeanna ó scéalta béaloidis. Ag cur san áireamh an pobal beag a raibh orthu tarraingt as chun foireann cúigear déag a chur le chéile, is iontach mar a d'éirigh le haisteoirí Ráth Cairn an lucht féachana a thabhairt ó shonas soineanta na tuaithe go huafás diamhrach lios na sí go trup agus callán an bhaile mhóir lá aonaigh.

READ MORE

Is mór mar a chuidigh ceol veidhlín Odhrán Uí Chasaide chun an t-atmaisféar a chruthú. D'éirigh leis na haisteoirí fosta a luach cheart a thabhairt d'fhilíocht na bhfocal gan cuma mharbhánta bheith orthu, go mórmhór Mairéad Ní Fhlatharta a bhí i bpáirt Shíofra, an cailín óg aerach a bhí ag fanacht leis an ridire ar an each bán. Ach cailleann Síofra a dearcadh rómánsúil ar an saol tar éis di cuairt a thabhairt ar thír na sí agus luaithreach ó thine na gcailleach a chuimilt lena súil.

Léiriú drámatúil ar theacht in inmhe mná óige, nó aoir faoin aigne rómánsúil? Bhí go leor den lucht féachana éiginnte faoi phríomhtheachtaireacht an dráma seo, mar a bhí na haisteoirí féin, dúradh liom. D'ainneoin sin, nó b'fhéidir mar gheall air sin, ba dhráma é a d'fhanfadh i do chuimhne go cionn i bhfad.

Níor fhág Boscó Ó Conchúir i bpáirt shagart an pharóiste aon amhras ar an lucht féachana faoin teachtaireacht a bhí aige féin don bheirt dhruncaeirí sa dara dráma agus, cé gur shíl an bheirt gur bhuail siad bob air, is é an sagart a bhuaigh ar deireadh. Sáraisteoirí atá sa chompántas Ciarraíoch agus is maith mar a sheas an dráma féin teist an ama.