Ursmaointe

Crobhingne: Is beag duine amuigh ansin go dtí seo a mhaígh gurb í an tsamhlaíocht an tréith ba láidre ag Enda Kenny NT TD…

Crobhingne: Is beag duine amuigh ansin go dtí seo a mhaígh gurb í an tsamhlaíocht an tréith ba láidre ag Enda Kenny NT TD.

Ach bhuail sé bob orainn. Bhíothas ann adúirt gur chosúla le rinceoir ar thórramh é, a dhá láimh go righin lena thaobh, agus é i gcomhsteip le corpán. Níl aon amhras anois ann, áfach, gurb é Riverdance na polaitíochta é.

Is annamh a thagann smaoineamh chomh réabhlóideach chugainn ó tinktank polaitíochta. Agus a bhfuil d'airgead á chaitheamh ar shaineolaithe oideachais, ar dhochtúirí gaoise, ar thaighdeoirí tuisceanacha, b'ait leat nár tháinig siad aníos le smaoineamh mar é roimhe seo.

Dá laghad is a dhéanfar staidéar ar ábhar is ea is mó an t-eolas a bheidh agat air. Agus dá laghad an caidreamh atá agat le hábhar ar bith, is ea is mó an grá a thabharfair dó.

READ MORE

Is cuimhin liom toradh taighde a léamh ar fhoghlaim teangacha a déanadh i gCeanada suim bhlianta ó shin.

D'fhionn siad gurb amhlaidh gur fearr an t-eolas a bheadh ag an duine a chaith seacht mbliana ag gabháil d'fhoghlaim teanga ná an té a chaith seacht mí ina bun. Ach is léir go raibh locht éigin bunúsach ar an modheolaíocht sa chás sin.

Ach tá rud éigin soiléir follasach tugtha faoi deara ag Enda Kenny NT TD agus ag thiktank an pháirtí. Níl rud ar bith ag obair sa chóras oideachais. Cur amú airgid agus fuinnimh an uile ní.

Déanaim amach le méireanta mo dhá láimh agus le cabhair áireamháin phóca go gcaitear 800 uaire an chloig ar mhúineadh na filíochta ón mbunscoil thoir go dtí deireadh na hardteistiméireachta thiar.

Filíocht an Bhéarla atá i gceist agam, gan amhras. B'airde go mór an figiúr dá gcuirfí an Ghaeilge agus teangacha eile san áireamh. De réir an taighde is cruinne, dá réir sin, déanaimid €113 milliún a chaitheamh ar mhúineadh na filíochta gach bliain.

Agus cad tá againn dá bharra? Ní léir dom scuainí a bheith taobh amuigh de na siopaí leabhar agus tóir acu ar an bhfilíocht is úire, agus ní hannamh an tseilf filíochta sa chúinne i bhfolach laistiar de na saothair míoleolaíochta.

Agus rud is measa fós, bíonn ar an Stát teacht i bhfóirithint ar na filí bochta le cnuas ó Aos Dána nó le sparánacht ón gComhairle Ealaíon.

Is léir go gcaithfear múineadh na filíochta a dhíbirt den churaclam láithreach agus is gairid go mbeidh éileamh ollmhór air cosúil le, abraimis, Riverdance.

Tionscnamh úsáideach eacnamaíochta a bheadh in aon taighde a dhéanfadh iniúchadh ar luach ár gcuid airgid san uile ábhar. Tearc duine a ghabhann le triantánacht tar éis na scoile, dá réir sin, díbrítear é!

Is beag comhar a íoctar linn mar shochaí dhaonlathach as an tíreolas, mar gabhann mórán ar seachrán fós ar bhóithre cama agus n'fheadair aon duine cá bhfuil Sancha Ponza mar téann siad ar eitleáin ann.

Maidir le reiligiún, ní thugaim oiread sin naomh ag siúl na slí faoi deara, ach b'fhéidir dá gcuirfí deireadh leis go méadófaí ar a chleachtadh. Nó neachtar acu, go mbeadh cách in ann líon na n-aingeal a dhéanfadh Riverdance ar bhiorán a chomhaireamh.

Tá Fine Gael - agus Enda Kenny NT TD - de réir a chéile sa mhéid seo ar a laghad. Go dtí seo, b'é an Garda Síochána an fórsa a chuir an dlí i bhfeidhm. Is maith an ní é nach bhfuil seo éigeantach níos mó.

Tá urlabhraithe an pháirtí sealbhaithe air go mbeidh cead ag an saoránach an dlí a chur i bhfeidhm é féin go deonach feasta. Go háirithe má tá amas cruinn aige, rud is annamh ar bhánta Mhaigh Eo.

Is fíor, leis, go bhféadfadh an t-athrú polasaí seo na milliúin euro a shábháil ar thuarastal na nGardaí. Bheadh caiteachas tosaigh ann ar ghunnaí do gach teaghlach feirmeora, ach b'fhiú é sa cheann thall i ndeireadh na beatha thiar.

Ina choinne sin, thuigfeá do Mhichael Noonan NT TD a bhí ag iarraidh cosc a chur le caitheamh húdaí na bhfear óg ar láithreáin siopadóireachta. Ní hionann dlí agus ceart i Luimneach ar fad, agus dlí agus ceart Chontae Mhaigh Eo.

Is é ceist atá agamsa, ná dá dtiocfadh neach stocaireachta ó Fhine Gael ag lorg vótaí chun mo dhorais agus é ag pramsáil leis ar nós, sea abraimis Riverdance, agus dá mbeadh húda á chaitheamh aige go deonach in aghaidh na gaoithe agus na báistí, agus dá gceapfainn go raibh sé chun dochar a dhéanamh dom lena chuid polasaithe úrshamhailteacha, agus dá mbeadh sé leointe tar éis na batrála focal a thugas dó, an mbeadh cead agam fós é a lámhach?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar