Uachtarán úr

INSEALBHAÍODH AN scríbhneoir agus craoltóir, Liam Mac Con Iomaire, mar Uachtarán an Oireachtais 2009, ag searmanas speisialta…

INSEALBHAÍODH AN scríbhneoir agus craoltóir, Liam Mac Con Iomaire, mar Uachtarán an Oireachtais 2009, ag searmanas speisialta i mBaile Átha Cliath inné. Is as Doire an Fhéich i gConamara ó dhúchas do Mhac Con Iomaire agus tá a shaol oibre ar fad caite i mBaile Átha Cliath aige.

Fear ildánach é a bhfuil aithne mhór air de bharr a chuid oibre mar údar agus theagascóir. Tá spéis mhór aige san amhránaíocht ar an sean-nóis agus bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Sean-Nós Cois Life, féile amhrán bliantúil Bhaile Átha Cliath.