Tumoideachas

Seoladh an leabhar Two Windows on the World le hÁine Andrews i mBéal Feirste inné

Seoladh an leabhar Two Windows on the World le hÁine Andrews i mBéal Feirste inné. Lámhleabhar traenála don tumoideachais sna luathbhlianta atá ann agus is é an chéad fhoilseachán dá shórt a foilsíodh in Éirinn nó sa Bhreatain.

Tugann an t-údar "pacáiste ceannródaíoch traenála" ar an saothar agus tá sé dírithe ar riachtanais daoine atá ag obair i luathbhlianta an tumoideachais. Is féidir le hoideasóirí úsáid a bhaint as na straitéisí sa phacáiste le Béarla a theagasc do pháistí ón imirce fosta.

Dúirt Andrews: "Is sna luathbhlianta atá bunchloch an tumoideachais Ghaeilge. Bíonn scileanna ar leith de dhíth ar fhoireann an Ghaeloideachais sna luathbhlianta, scileanna nach bhfuil de dhíth nuair atá suíomh máthairtheanga nó suíomh Béarla i gceist. Agus scileanna iad atá ar ardleibhéal agus a éilíonn ardchumas. Tá gach duine againn ag iarraidh ardchaighdeán oideachais a sholáthar in earnáil na Gaelscolaíochta trí chéile. Tá gach dóchas agam go mbeidh tionchar ag an lámhleabhar seo ar an tsoláthar sin."

Is fada Andrews ag plé le hoideachas trí mheán na Gaeilge. Bhunaigh sí an chéad réamhscoil dhátheangach i dTuaisceart Éireann i 1978 agus tá sí gníomhach in earnáil na Gaelscolaíochta ó shin.

READ MORE

Eolas: 048-90332517 nó Maureen@altram.co.uk