Tuirseach den fhis nár fioraiodh

'Ag fíorú na físe" an teideal a bhí ar Thóstal na Gaeilge i mbliana

'Ag fíorú na físe" an teideal a bhí ar Thóstal na Gaeilge i mbliana. Reachtáil Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge an ócáid i nGaillimh ag an deireadh seachtaine ach, murab ionann agus mórán blianta eile, níorbh fhéidir liom bheith i láthair. (Thoiligh eagarthóir Foinse, Seán Tadhg Ó Gairbhí, píosa a scríobh agus tá a thuairisc thíos.)

Ba cheart dom a rá nár mhothaigh mé chomh ciontach sin uilig as gan a bheith i láthair - peaca marfach ag iriseoir gairmiúil ach sin í m'fhaoistin. Sholáthair an tóstal neart ábhair don cholún seo thar na blianta agus ba dhoiligh an chomhdháil a lochtú as feabhas a cuid oibre thar na blianta céanna.

Bhí mé i gcónaí buíoch as an ábhar don cholún agus as caighdeán na gcainteoirí; bhí ábhar machnaimh le fáil go minic. Ach baineann tú ceann scribe amach mar iriseoir agus deir tú leat féin: "Tá mo sháith agam!" Agus más mar sin a mhothaím, conas mar a mhothaíonn Seosamh agus Seosaimhín na Cosmhuintire?

"Ag fíorú na físe" an ea. Nach iad na ceisteanna atá le cur: "Cad chuige nár fíoraíodh an fhís go dtí seo?" agus "An bhfuil an fhís le fíorú ar chor ar bith?"

READ MORE

Léirigh clár an tóstail láidreacht agus laige earnáil na Gaeilge in aon imeacht amháin. Tá mórán daoine cumasacha léannta ar cás leo an teanga agus a bhfuil léargas ar leith acu uirthi. Ach is ar éigean a théann an chaint i bhfeidhm ar an phobal mór.

Tig le lucht na Gaeilge tionchar nach beag a imirt ar chúrsaí reachtaíochta agus tig leo feachtais a reáchtáil le nithe fiúntacha a bhaint amach. Is é rud nach féidir leo a dhéanamh droichead a chur anonn thar an deighilt sin idir an teanga labhartha agus an pobal.

Tá sé ráite ar an cholún seo roimhe gurb é ceann de na paradacsaí a bhaineann leis an Ghaeilge gur ré órga é seo ag lucht teanga - bíodh is nach bhfuil an oiread sin de phobal na hÉireann ag caint Gaeilge go laethúil.

Tá airgead, acmhainn agus ollscoileanna ar fáil leis an teanga a chur chun cinn. Go fóill féin, áfach, is beag deis a bhíonn ag mórán daoine Gaeilge a labhairt - ach amháin sa chás gur feidhmeannaigh nó aos ollscoile nó fostaithe ar dheontais (nó iriseoirí!) iad. An spéis le daoine eile, diomaite de chléir na cúise, an fhís a fhíorú?

Eagras O'Leary

Cad a tharlódh dá gceannódh Michael O'Leary na heagrais Ghaeilge ar fad? Ba é sin an cheist a chur leas-cheannaire TG4 Pádhraic Ó Ciardha, ag Tóstal na Gaeilge, a scríobhann Seán Tadhg Ó Gairbhí. Bhí Ó Ciardha ag caint ar an téama "Fís don Ghaeilge sa tSochaí Chomhaimseartha".

Seans gur chorraigh tóineacha Gaelacha chuid dá lucht éisteachta le míshuaimhneas ar chloisteáil dóibh smaoineamh Uí Chiardha. Ach ní raibh sé ag moladh go dtabharfaí ar bhaill choistí teanga nó cainteoirí comhdhálacha díol as a mBallygowan féin ná gur cheart táille bagáiste a ghearradh ar eagraíochtaí Gaeilge as an ualach "issues" a bhíonn ar iompar acu.

Ní raibh fear TG4 ag moladh gur chun leas na Gaeilge a bheadh sé dá nglacfaí le soiscéal saor ó shó (no-frills) Uí Laoire ach bhí sé ag áiteamh nach mbeadh aon dochar ann dá gceadódh na heagrais teanga do bheagán féinscrúdaithe agus, go deimhin, beagán féinsciúrsála.

B'fhéidir, a dúirt sé, go raibh sé in am féachaint níos minicí sa "scáthán" agus "athmhachnamh a dhéanamh ar struchtúr na n-eagras Gaeilge". Dá gceannódh fiontraí fuarchúiseach ar nós O'Leary gluaiseacht na Gaeilge, chuirfeadh sé roinnt buncheisteanna láithreach, a dúirt Ó Ciardha: "Cad a dhéanann d'eagras? An bhfuil ceannaire ar an rud seo ar fad? Cad a dhéanann mise? Cad a dhéanann tusa? Cén straitéis aontaithe atá dréachtaithe agus aontaithe ag na leas-shealbhóirí ar fad sa réimse seo? Fiú muna bhfuil smacht iomlán agaibh ar bhur gcinniúnt féin ó thaobh airgid, an bhfuil sibh tagtha ar aontú faoi na príomhrudaí? Cén speisialtacht bainistíochta atá agaibh?"

D'fhiafraigh sé cén céatadán dá bhfuinneamh a chaitheann eagrais ag feachtasaíocht don mhaoiniú bliantúil i gcomparáid leis an fhuinneamh a chaitear ag iarraidh a bpríomhspriocanna a bhaint amach. Cheistigh sé an raibh na heagrais teanga feasach ar choincheapanna gnó ar nós an mheasúnaithe riosca agus an raibh claonadh rómhór iontu féachaint ar an státchóras mar "namhaid".

Mhol Ó Ciardha go ndéanfaí iarracht níos fearr na meáin a mhealladh, go háirithe na meáin Bhéarla. Is iad na meáin "an doras isteach in intinn an phobail" agus "ní thig linn neamhshuim a dhéanamh díobh. Cad é an uair dheiridh a thug aon eagras Gaeilge cuireadh chun lóin d'eagarthóir an Irish Times, an Irish Independent nó príomhfheidhmeannach TV3?"

Natasha an toirtín mhóir

Tá mórán cainte sna meáin chumarsáide sa Bhreatain faoin iriseoir agus láithreoir nuachta, Natasha Kaplinsky. Iarfhostaí de chuid an BBC í ach tá post anois aici le cainéal eile teilifíse, Five, agus tuarastal - fan go gcluine tú - £1 milliún sa bhliain ag dul di as a hobair iriseoireachta.

Ní beag an tsuim í £1 milliún ag duine ar bith agus tá gach cuma ar an scéal go bhfuil Kaplinsky ag mealladh lucht féachana nua i dtreo sheirbhís nuachta Five.

Cá hiontas go mbeadh? Tá sí dathúil fuinniúil cumasach. I mbeagán focal, is Gael Babe í. Tá súil agam nach bhfuil Gael Babes TG4 ag cur barraíocht spéise i gcás Kaplinsky. Bhrisfeadh milliún euro féin sa bhliain banc Bhaile na hAbhann.

Fianna Buí

"Soldiers of Destiny" a thugann Fianna Fáil orthu féin sa Bhéarla. Ach cé a chreidfeadh go mbeadh ciall chomh liteartha sin acu don mhana?

Tá an páirtí i ndiaidh iarbhall de chuid Pháirtí Aontachtaithe Uladh agus iar-oifigeach in arm na Breataine, Harvey Bicker, a chlárú mar bhall. Tá cónaí ar Bicker i gCo an Dúin, Tuaisceart Éireann, An Ríocht Aontaithe (Ar Éigean).

Sin agat Fianna Fáil slítheánta; na comhfhreagraithe polaitiúla ag déanamh go nascfadh an páirtí leis an SDLP ach buaileann trúpaí Bertie bob orthu agus fear den traidisiún eile a earcú - jolly good show, Bertie, old bean.

caighdeánstandard - ciontachguilty - faoistinconfession - peaca sin- marfach deadly - slítheántasly - sochaísociety - tóstal gathering- ualach weight