'Tuilleadh machnaimh' de dhíth ar straitéis teanga - Gael Linn

 

CAITHFIDH AN Rialtas “tuilleadh machnaimh” a dhéanamh ar a straitéis teanga, a dúirt príomhfheidhmeannach Ghael Linn, Antoine Ó Coileáin, agus é i mbun anailíse ar an dréachtcháipéis, Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.

Scaip Aire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, an cháipéis, príomhphlean teanga an Rialtais, ar bhaill an Oireachtais an tseachtain seo caite.

Ceann de na príomh-mholtaí atá ann go mbunófar Údarás na Gaeilge, is é sin, leagan nua d’Údarás na Gaeltachta a bheadh freagrach as an teanga a chur chun cinn sa Stát agus go leanfadh Foras na Gaeilge ar aghaidh lena chuid oibre ar bhonn trasteorann.

Dúirt Ó Coileáin go raibh sé inmholta go mbeadh “aon údarás stáit amháin ag plé le cur chun cinn na Gaeilge ar fud an Stáit agus go mbeadh an t-údarás sin freagrach do Rialtas na hÉireann amháin.

“Creideann Gael Linn nach féidir é sin a dhéanamh go fónta gan leasú a dhéanamh ar chúraimí Fhoras na Gaeilge. Deir an straitéis, áfach: “Leanfaidh Foras na Gaeilge ag seachadadh a fhreagrachtaí reachtúla maidir leis an nGaeilge” agus, de réir na straitéise, níl se i gceist aon leasú a dhéanamh ar reachtaíocht an Fhorais”.

Ba ghá, a dúirt sé, “tuilleadh machnaimh a dhéanamh ar riar na hoibre idir an dá eagras stáit má táthar le trasnaíl a sheachaint agus lántairbhe a bhaint as na hacmhainní i gceist.”

Ba thrua le Ó Coileáin fosta “a laghad tuisceana a léirítear sa straitéis maidir le ról na hearnála deonaí. Cé go samhlaítear “ról tábhachtach” bheith ag an earnáil, is i gcomhthéacs réamhthuiscintí a d’fhágfadh go mbeadh “atheagrú mór” le déanamh ar eagraíochtaí teanga “le tacaíocht teanga chuimsitheach a sholáthar ar bhonn réimse”.

Dúirt sé go raibh saineolas agus taithí ag na heagraíochtaí deonacha maidir le forbairt pobail. B’fhearr leis go mbeadh ról ag an earnáil “i gceapadh an phlean nua agus go ndéanfadh eagrais cinneadh faoin réimse nó na réimsí a mbeadh siad freagrach astu. Sa chaoi sin, bheifí ag tógáil ar thaithí na hearnála agus bheadh toradh níos fearr ar an bplean ag leibhéal an phobail.”

Dúirt Éamon Ó Cuív, go raibh sé sásta go raibh an cháipéis i gcló agus go mbeadh deis ag polaiteoirí agus ag an phobal na moltaí a phlé.

Chomh fada agus a bhain sé le hÚdarás na Gaeilge agus Foras na Gaeilge de, dúirt sé go ndéanfadh an tÚdarás cás na teanga a chur chun cinn sa Stát de bharr cúraimí bunreachtúla agus go ndéanfaí an méid agus ab fhéidir ar bhonn uile-oileánda trí oifigí an Fhorais.

Tabharfaidh an straitéis treoir do gach gné de chúrsaí Gaeilge i réimsí an oideachais, na Gaeltachta, an teaghlaigh, sna meáin, i gcúrsaí reachtaíochta agus riaracháin.