Tuairimi, tuairimi

Tá borradh faoi ábhar scríofa d'fhoghlaimeoirí fásta le tamall de bhlianta

Tá borradh faoi ábhar scríofa d'fhoghlaimeoirí fásta le tamall de bhlianta. Tá leabhar nua thar a bheith maith, Tuairimí (Cló Iar-Chonnachtaí, €8) le Honor Mhic Giolla Chlaoin, anois ar fáil.

Murab ionann agus mórán eile leabhar den chineál seo, ní úrscéilín é ach mionaistí ar ábhair éagsúla a bhaineann leis an saol laethúil. Teagascann Bean Mhic Giolla Chlaoin rang d'fhoghlaimeoirí fásta agus is bunaithe ar a taithí sin atá an t-ábhar scríofa.

De bharr go mbaineann siad leis an saol, ní ábhar teibí atá i gceist. Mar sin de, tá aistí ar "Fir agus Mná Tí", "Aistí Bia" "An tIonad Gleacaíochta" agus "Siopadóireacht" gan ach dornán téamaí a lua.

Níl ach céad nó cúpla céad focal i ngach aon aiste agus tá siad uilig scríofa ar bhealach soiléir sothuigthe: "Lá breá gréine a bhí ann agus bheartaigh mé dul amach ag siúl cois farraige.

READ MORE

"Ghlaoigh mé ar bhean a bhfuil aithne agam uirthi agus d'fhiafraigh di ar mhaith léi teacht liom."

Tá soiléireacht na teanga le moladh; is minic a chuireann an t-údar réaltóg le nath cainte nó le focal ar leith le é a mhíniú don fhoghlaimeoir agus tá foclóirín ar chúl an leabhair. Tá dearadh an leabhair iontach snasta agus d'fhéadfá é a chur i do phóca gan stró ar bith.

Cé go bhfuil an leabhar dírithe ar dhaoine fásta, measaim go bhfóirfeadh sé go maith do dhaltaí A-Leibhéil sa Tuaisceart fosta.