Traidisiún liteartha

IS É “Traidisiún Liteartha Chúige Uladh: Mac Aingil go Mac a’ Liondain” téama Éigse Cholm Cille i mbliana

IS É “Traidisiún Liteartha Chúige Uladh: Mac Aingil go Mac a’ Liondain” téama Éigse Cholm Cille i mbliana. Beidh an fhéile ar siúl ar Ollscoil Uladh, Doire, Dé hAoine 4ú Márta agus Dé Sathairn 5ú Márta.

Tabharfaidh Katharine Simms léacht na héigse i mBéarla ar “The Ulster Literary Tradition” chéad oíche na comhdhála. Beidh an chuid eile de na cainteanna i nGaeilge ar Aodh Mac Aingil, ar an Dall Mac Cuarta, fhilíocht Chúige Uladh idir 16ú agus 18ú haois agus thraidisiún na lámhscríbhinní. Eolas: mf.oneill@ulster.ac.uk