Tour ar tolg

IS ÓCÁID bhliantúil í an Tour de France ar TG4 faoin am seo agus tosóidh stáisiún Chonamara craoladh beo ar an rás rothar is …

IS ÓCÁID bhliantúil í an Tour de France ar TG4 faoin am seo agus tosóidh stáisiún Chonamara craoladh beo ar an rás rothar is mó ar domhan Dé Sathairn ag 11.15am.

Tá go leor ciniciúlachta ag baint le rothaíocht ghairmiúil ar na saolta seo de bharr líomhaintí faoi chúrsaí drugaí. Ach, ina ainneoin sin uilig, éiríonn leis an Tour lucht leanúna ollmhór a mhealladh bliain i ndiaidh bliana. Beidh plúr na rothaithe páirteach sa rás arís i mbliana agus diantraenáil déanta acu.

Ná smaoinigh nach gá don té a bhreathnaíonn ar an Tour gan diantraenáil a dhéanamh don rás fosta.

Glac m’fhocal mar iriseoir a bhfuil roinnt blianta caite ar tolg aige ag breathnú ar an Tour – taighde, a deirim, taighde – nach gan dua a dhéanann tú réidh do na trí seachtaine rásaíochta.

READ MORE

Sa chéad dul síos, caithfidh tú cleachtadh a dhéanamh ar luí siar ar an tolg ar feadh roinnt uaireanta gach lá.

(Tá daoine ann ar fearr leo an chathaoir uilleann ach is deacra titim i do chodladh ar an chathaoir agus an rás ar siúl.)

Ná ceap, ach oiread, gur furasta luí ar tolg gan taithí ar bith. Thiocfadh leat gortú nó spuaic a fháil mura dtéann tú ina bhun mar is ceart.

Agus bí cúramach nach ndoirteann tú an Kronenberg 1664 le linn duit bheith i mbun traenála. Is iomaí sin rás a mhilleadh as Kronenberg a dhoirteadh ag an am contráilte.

Agus ná cuireadh sé as duit má thiontaíonn do chéile fir nó mná ina gcéile comhraic agus gach “Cén fáth nach lomann tú an gairdín?” as a mbéal. Abair go bhfuil tú ag cur snasa ar do chuid Gaeilge agus tráchtairí TG4 – Páidí Ó Lionáird agus Pádraic Ó Cuinn – do threorú ó tholg go Tour.