Tostal ag diriu ar an chead ghluin eile

Is é "An Chéad Ghlúin Eile" téama Thóstal na Gaeilge i mbliana

Is é "An Chéad Ghlúin Eile" téama Thóstal na Gaeilge i mbliana. Bíonn an Tóstal ar siúl dara gach bliain agus is é an ócáid is tábhachtaí é ó thaobh pholaitíocht na teanga de.

Is é Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge a eagraíonn an Tóstal. Dúirt urlabhraí de chuid na Comhdhála, David Leydon, gurbh "é an t-aon fhorám uile-oileánda é chun plé a dhéanamh ar thodhchaí na Gaeilge. Ní ar chúrsaí acadúla a dhírítear ach ar chúrsaí praiticiúla cosúil le soláthair oideachas trí Ghaeilge agus cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht.

"Chomh maith leis sin tugann sé deis do gach duine a bhfuil suim acu sa teanga teacht le chéile, ón duine a labhraíonn Gaeilge gach lá go dtí an té nach mbíonn deis aige nó aici í a labhairt ach go hannamh, agus ón duine Gaeltachta go dtí an duine ón chathair."

Dúirt sé go raibh béim ar leith á cur ar an mhuintir óga sa Tóstal seo: "Má cheapann na daoine óga go bhfuil luach ag an nGaeilge chun a bhféiniúlacht a léiriú, tá sé ríthábhachtach go mbeidh ionchur acu sa phlé. Seo an deis dóibh. Éisteofar leo ag Tóstal na Gaeilge 2006."

READ MORE

Bhí réamhobair ar siúl ar an chlár ach bhí an Chomhdháil ag iarraidh "an clár in oiriúint do dhaoine óga agus deiseanna a chruthú dóibh bheith lárnach sa phlé trí chur i láthair tarraingteach". Beidh an Chomhdháil ag obair "le hAontas na Mac Léinn, le hAontas na Mac Léinn Iarbunscoile agus leis na hollscoileanna. Le tacaíocht bhalleagrais na Comhdhála, go mór mhór iad siúd atá ag plé leis an óige, táimid dóchasach go mbeidh sé níos fusa ar dhaoine óga freastal ar an Tóstal."

Chuige sin, bhí sé ag iarraidh ar ghrúpaí óige teanga, ar na Cumainn Ghaelacha ollscoile, srl, dul i dteagmháil leis an Chomhdháil lena bpáirt sa Tóstal a chinntiú.