Toir ar Bhearla sa Pholainn

Beocheist: Ar na rudaí ba mhó a chuir ionadh orm tar éis dom an Pholainn a bhaint amach ag Deireadh Fómhair 2003 ná líon na …

Beocheist: Ar na rudaí ba mhó a chuir ionadh orm tar éis dom an Pholainn a bhaint amach ag Deireadh Fómhair 2003 ná líon na scoileanna príobháideacha ina múintear an Béarla.

Is beag áibhéil a dhéanaim nuair a deirim gur deacair dul timpeall cúinne sráide gan do shúile a leagan ar cheann de na scoileanna seo, nó ar fhógraíocht ag iarraidh idir óg is aosta a mhealladh chun blas a fháil ar an mBéarla.

Fiú amháin i Lublin na Polainne, príomhchathair an réigiúin is boichte san Aontas Eorpach, tá scoil phríobháideach ar gach sráid, nó geall leis.

Ní gnáthbhunscoil ná meánscoil iad na scoileanna seo. Freastalaíonn daltaí orthu i ndiaidh lá fada scoile nó lá fada oibre. Breis oibre is breis airgid á dtarraingt ón dalta mar sin.

READ MORE

Rud a bhíonn le maíomh ag beagnach gach ceann de na scoileanna seo ná an cainteoir dúchais. Is daoine tábhachtacha iad seo a thagann ó Éirinn, ón mBreatain, ó Mheiriceá is ó Cheanada, ón Astráil is ón Nua-Shéalainn. Ranganna comhrá is ea is mó a bhíonn faoina gcúram acu.

Leagtar an-bhéim ar thábhacht an chainteora dúchais agus an seans a thugann sé do na daltaí teagmháil bheith acu le teanga an Bhéarla mar a labhraítear í i ndáiríre agus is beag meas a bheadh ar scoil phríobháideach nach mbeadh a leithéid de dhuine fostaithe aici.

Go dtí le déanaí d'fhéadfaí teacht chun na Polainne gan aon oideachas ollscoile ná aon cháilíocht múinteoireachta bheith agat agus gan aon dua in aon chor post maith mar chainteoir dúchais a fháil. Agus is féidir talamh slán a dhéanamh de gur post maith é.

Taitníonn tú leis na daltaí agus le do chomhleacaithe mar gur duine iasachta tú i dtír nach bhfuil aon iomarca eachtrannach ann go fóill. Ní amháin sin ach ní annamh a fhaigheann an cainteoir dúchais tuarastal níos airde ná mar a thuilleann na múinteoirí Polannacha a mbíonn ranganna gramadaí á múineadh acu. Is deacra fós é sin a chreidiúint nuair a smaoiníonn tú go bhfuil níos mó oibre i gceist in ullmhúchán rang gramadaí.

Is minic is leor áit éigin sa Pholainn a bhaint amach agus ní fada go gcuirfear tairiscintí oibre mar chainteoir dúchais os do chomhair amach. Ní gá ilchóipeanna iarratais ar obair a scaipeadh. Ní gá, fiú, an guthán a ardú. Tiocfar chugat.

Ba é sin díreach a d'imigh orm agus an Pholainn bainte amach agam. Faoi cheann míosa bhí beirt fhear tar éis cur in iúl dom go raibh cainteoir dúchais á lorg ag scoil áirithe mar ábhar práinne.

Thug mé faoin obair mar gur deacair liom freagra diúltach a thabhairt agus mar ba léir nár rith sé le haon duine nach mbeinn lántoilteanach a leithéid d'obair bheith agam. Agus chaithfí a admháil, ó thaobh dhearcadh an mhúinteora Pholannaigh de, is gleoite an margadh a bhíonn ag an gcainteoir dúchais.

I ngach rang a bhí agam bhí suas le dháréag daltaí ag síneadh in aois ó na déaga luatha go dtí blianta liatha na 50í.

Mar a bhíonn i gceist le gach dream daoine bhí daltaí nach meallfaí gíog ná míog astu ar ór na cruinne agus foghlaimeoirí eile agus rabhartaí cainte á scaoileadh amach as a mbéal acu ó thús deireadh an ranga.

Rud a ndearna mé iontas de ná go mbíonn an Béarla mar ábhar scoile ag formhór na ndaltaí ach fós féin bítear sásta airgead nach beag a íoc as ceachtanna i scoil phríobháideach anuas ar ualach oibre an ghnáthlá scoile. Leibhéal an Bhéarla mar a mhúintear sna meánscoileanna é bheith ró-íseal ba mhinice an leithscéal a tugadh dom.

Modh foghlama eile a mbíonn an-tóir air ná ranganna príobháideacha ina mbuaileann an cainteoir dúchais le Polannach le comhrá a dhéanamh ar feadh uaire. Tá aithne agam ar Chorcaíoch i Vársá a iarrann 200 zloty (€50) ar uair an chloig cainte.

Ar ndóigh is féidir fógraí a chur suas le cur in iúl go bhfuil ranganna comhrá le fáil ó chainteoir dúchais ach is annamh is gá a leithéid d'iarracht a chur díot féin. Is túisce a bheadh ranganna agat toisc gur chualathas tú ag labhairt Béarla ag stad an bhus nó sa teach tábhairne.

Dar le tuairisc in eagrán déanach den seachtanán Newsweek Polska, tá cumas teagmhála ag 25% de dhaonáireamh na Polainne sa Bhéarla - ábhairín faoi bhun 10 milliún duine. Maítear, leis, go bhfuil 11,800 scoil a thairgeann teangacha iasachta.

Is féidir bheith cinnte de cén teanga a mbíonn na scoileanna seo ag díriú uirthi agus an tóir bhuile seo ar Bhéarla sa Pholainn ag dul ó neart go neart.