Toghchan Udarais

Is ar an Satharn, 2ú Aibreán, a bheidh toghchán Údarás na Gaeltachta i mbliana.

Is ar an Satharn, 2ú Aibreán, a bheidh toghchán Údarás na Gaeltachta i mbliana.

Cheana féin, tá TG4 i ndiaidh tús a chur le sraith speisialta ar an toghchán agus craolfaidh siad cláir ar leith ar gach toghcheantar idir seo agus an Domhnach 3ú Aibreán, lá an chomhairimh.

Beidh ceann ann anocht ag 8pm; oíche Luain ag 8pm; oíche Mháirt ag 7pm; seachtain ón lá inniu ag 8pm agus seachtain ón Luan ag 8pm.

Craolfar clár eile Dé Máirt 29ú Márta, ag 7pm agus foireann 7Lá a chuirfidh an dlaoi mhullaigh ar an fheachtas coicís ón lá inniu ag 8pm. Beidh dhá chlár bheo Dé Domhnaigh 3ú Aibreán, ceann ag 1pm agus ceann eile ag 6.40pm.