'To thine ownself be true'

Beocheist: Bheadh níos mó measa agam ar Hillary Clinton dá mba rud é gur fhág sí Bill, dá mba rud é gur chaith sí an uachtaránacht…

Beocheist:Bheadh níos mó measa agam ar Hillary Clinton dá mba rud é gur fhág sí Bill, dá mba rud é gur chaith sí an uachtaránacht agus an Teach Bán ar ais san aghaidh aige, gur thug sí íde béil dó agus gur shiúil sí amach air. Bheadh sé tuillte go maith aige.

Cuireann sé alltacht orm aghaidh chróga s'aici a fheiceáil sna páipéir nuachta agus ar an teilifís, ag troid fá choinne an phoist chéanna a bhí aige. Muna bhfaigheann sí é, caidé a dhéanfaidh sí ansin, an créatúr? Níl mé ag iarraidh an náire agus an díoma a d'fhulaing sí go dtí seo a shamhlú.

An gcaithfidh na mná seasamh taobh lena gcuid fear i gcónaí, is cuma caidé mar a chaitheann siad leo? An gcaithfidh siad glacadh le mídhílseacht, le feall, agus le mí-ionracas? Agus cur i gcéill go bhfuil gach aon rud ceart go leor?

Agus an straois a bhí i gcónaí ar a aghaidh, ní nach ionadh nuair a chuimhnímid ar an mhéid ban a bhí ag suirí leis, Monica Lewinsky mar dhuine amháin i measc go leor eile. An lá sin, is mé ag amharc ar an nuacht bhí díomá orm mar bhí go leor rudaí maithe déanta aige, dar ndóigh.

READ MORE

Ach thosaigh mé ag éirí ciniciúil ansin ag cuimhneamh ar JFK agus na mná ar fad a bhí aige agus an dóigh ar fhan Jackie O leis. Cuireann sé samhnas agus fearg orm, an fhanacht thart seo, an glacadh le cibé rud agus is dóigh liom go bhfuil crógacht ag baint le siúl amach, le himeacht, le fágáil.

Ach ní mar sin atá an saol, is dócha, tá maithiúnas agus grá ann. Má tá a leithéid ann, is cinnte gur galar é, i mo thuairim. Ní gá ach éisteacht leis na mná a ghlaonn isteach ag Women's Aid, gach aon lá den tseachtain.

Níl sé chomh simplí sin cuid duit féin a fhágáil ar deireadh ach ceapaim go gcaithfear é a dhéanamh más féidir ar chor ar bith. Bhí an ceart ag Shakespeare fadó nuair a dúirt sé linn fanacht dílis dúinn féin: "This above all, to thine own self be true, thou can'st not then be false to any man."

Ach níl neart acu air, níl iontu ach 'fir', a deir daoine áirithe. Tagann cathú orthu. Déanann siad botúin. Déanann muid ar fad botúin ach níl muid chomh bródúil sin astu! Caithfear bheith ag súil le rud mar seo ón fhireann alpha. Más amhlaidh atá, b'fhearr i bhfad beta.

Tá daoine ar an saol seo is dócha nach bhfuil i ngrá le héinne, seachas iad féin. "To love oneself is the beginning of a lifelong romance," mar a deir Oscar Wilde. B'fhéidir nach bhfuil ó dhaoine áirithe i ndáiríre ach scáthán orthu féin, i ndeireadh thiar thall.

Bhuel, nach cuma linn ar deireadh caidé a dhéanann siad ina saol príobháideach a fhad is go bhfuil siad ábalta an jab a dhéanamh? An cuma fán dóigh a gcaitheann siad le daoine daonna?

Tagann amhrán chun cuimhne: "These shoes are made for walking, one of these days, these shoes are gonna walk all over you." Sin rud nach bhfuil éasca, imeacht agus dearmad a dhéanamh. Tá go leor mná a fhanann in ifreann.

Cuirtear an milleán i gcónaí ar an bhean, go raibh sí róchoimeádach nó nach raibh sí dóighiúil go leor, go raibh sé tuillte aici, nach raibh sí sásta seo nó siúd a dhéanamh.

Bhuel, ní diabhal naoimh muid, ní aingil muid agus ní superwomen muid ach oiread. Níl muid déanta as plaistic; tá fuil agus cnámh ionainn. Is daoine daonna muid agus tig muid a ghortú.

Is fuath liom cur i gcéill agus éagóir agus is fuath liom nuair a fheicim duine - agus go háirithe bean - ag glacadh leis. Ach b'fhéidir go bhfuil rud eile beartaithe ag Hillary.

B'fhéidir go bhfuil sí chun fáil réidh le Bill chomh luath agus a fhaigheann sí an uachtaránacht agus cúpla leannán óg dathúil a thógáil. Ach b'fhéidir go bhfuil sé ródhéanach di agus ródhéanach dúinn ar fad.