Tir an leadrain

Thug lucht turasóireachta chun na tíre seo le fios nach raibh siad chomh tógtha sin le hÉirinn mar aonad saoire

Thug lucht turasóireachta chun na tíre seo le fios nach raibh siad chomh tógtha sin le hÉirinn mar aonad saoire. Is ionann cathracha na tíre seo agus cathracha eile Eorpacha; mhothaigh muintir na Breataine sin ach go háirithe agus an ceart ar fad acu.

Níl mórán sa difear idir Dùn Eideann agus Baile Átha Cliath ó thaobh siopaí agus bialanna de.

Is é an t-athrú is mó a shonraíonn tú mar chuairteoir go Dùn Eideann easpa Gàidhlig ar na comharthaí sráide. Leoga, ní thuigfeá Gàidhlig bheith á labhairt in Albain agus tú ar cuairt san ardchathair.

Is ceacht thar a bheith simplí é ag eagrais atá ag iarraidh daoine a mhealladh go hÉirinn. Déantar teagmháil leis na hionaid chultúrtha agus iarrtar orthu imeachtaí - bunaithe ar theanga agus ar thraidisiúin na Gaeltachta - a eagrú.

READ MORE

Difriúil go maith atá damhsa ar an sean-nós; níos difriúla arís é ach duine éigin é a chur i láthair an turasóra i nGaeilge.