Thall is abhus

TÁ AN Mheitheal Straitéise, Taighde agus Tionscnamh ag reáchtáil comhdhála ar an téama “Féiniúlacht, Cultúr agus Teanga i Ré …

TÁ AN Mheitheal Straitéise, Taighde agus Tionscnamh ag reáchtáil comhdhála ar an téama “Féiniúlacht, Cultúr agus Teanga i Ré an Domhandaithe” san Óstán Davenport, Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, an deireadh seachtaine seo.

Labhróidh an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ar “An Stát, an Fhéiniúlacht Náisiúnta agus an Teanga: Cás na hÉireann” oíche Aoine ag 8pm.

Beidh léachtaí ann Dé Sathairn leis an Dochtúir Thierry Ménissier as an Fhrainc; an tOllamh Peadar Kirby, Ollscoil Luimní; an Dochtúir Daniel Bourgeois, Ceanada, agus an scríbhneoir Tomás Mac Síomóin.

  • Eolas: eolas@fnag.ie

TÁ AN comhlacht, Europus, an Cheathrú Rua, Co na Gaillimhe, i mbun cúrsa M.Sc/Dioplóma Iarchéime/Teastas i nGaeilge Fheidhmeach agus Aistriúcháin. Tá an cháilíocht dírithe ar dhaoine atá ar lorg oibre mar aistritheoirí gairmiúla in Éirinn nó san Aontas Eorpach. Dé hAoine, 22ú Deireadh Fómhair, an sprioc d’iarratais.

READ MORE
  • Eolas: eolas@europus.ie

TÁ LITRÍOCHT don óige “faoi bhláth” a dúirt an Dochtúir Ríona Nic Congáil, Coláiste Phádraig, Baile Átha Cliath, agus í ag fógairt na chéad chomhdhála ar Litríocht Ghaeilge na nÓg.

Tá sí féin ag feidhmiú mar riarthóir don ócáid agus is é a bheas ann, a dúirt sí, fóram le daoine a bhfuil spéis i litríocht na n-óg a thabhairt le chéile agus deis a thabhairt dóibh plé agus ceiliúradh a dhéanamh ar an seánra litríochta agus a bhfuil i ndán dó.

Dúirt sí go raibh tábhacht ar leith leis an earnáil nó thug “an cineál litríochta seo léargas úr, nuálaíoch, ar litríocht agus ar chultúr na nGael”.

Beidh an chomhdháil ar siúl in Aibreán, 2011.

  • Eolas: litriochtnanog.blogspot.com

SEOLFAIDH an t-aistritheoir Colm de Búrca leabhar nua filíochta le Tomás Mac Síomóin – 21 dán poemes poemas(Coiscéim) – anocht ag 6.30pm in Instituo Cervantes, Plás Lincoln, Baile Átha Cliath.

Cnuasach dánta i nGaeilge, Spáinnis agus i gCatalóinis atá ann.

Agus seolfar leabhar nua Liam Mhic Cóil – An Chláirseach agus an Choróin(Leabhar Breac), leabhar faoi cheol Charles Villiers Stanford – Dé Sathairn sa Lusca, Ardteampall Chríost, Baile Átha Cliath, ag 5.45pm.