Thall is Abhus

Thall is Abhus

Thall is Abhus

Seoltaí samhraidh

Seolfaidh Stiúrthóir Gníomhach Fiontar, an Dochtúir Peadar Ó Flatharta, dhá phaimfléad nua, Todhchaí d'Éirinn: Pobal; Féinmheas; Teanga le Peadar Kirby agus An Cultúr Gaelach: Cosaint na Daonnachta le Breandán Ó Doibhlin tráthnóna amárach ag 6.30 p.m. i gceannáras Fhoras na Gaeilge, Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2. Fáilte roimh chách.

Barbi-Ghaeltacht

READ MORE

Tá Foinse ag ceiliúradh 400 eagrán den nuachtán le bairbiciú oíche Aoine ag 7 p.m., Tigh Hughes, an Spidéal. Cuireann muintir an nuachtáin fáilte roimh a gcuid léitheoirí agus lucht tacaíochta bheith leo don ócáid.