TG Fomhair

Chuir TG4 tús lena sceideal Fómhair ag an deireadh seachtaine

Chuir TG4 tús lena sceideal Fómhair ag an deireadh seachtaine. Tá traenáil mhaith samhraidh déanta ag an cholúnaí seo don séasúr nua teilifíse. Caitheadh mórán laethanta suite ar thóin Thuaisceartach i bpáirceanna CLG tríd Éirinn.

Tá an tóin chéanna agus an mharóg fosta leata agus cothaithe go maith faoi seo. Ní thitfidh an léirmheastóir seo den tolg.

Rachaidh taithí an tsamhraidh chun tairbhe agus sraith nua de Bia 's Bóthar leis an chócaire Éamonn Ó Catháin ar na bacáin. Sea, ní bia is bóthar go Frankfurter i bPáirc an Chrócaigh. Ná bac leis an salsa, a Éamoinn, is ball den CLG mé.

Beidh cláir fhaisnéise ar ról na bProtastúnach i gcaomhnú oidhreachta na Gaeilge, No Rootless Colonists, cur síos ar Oileán Thoraí, clár ar an ropaire Astrálach Ned Kelly agus ceann ar an fhile Mháirtín Ó Direáin, An Charraig Stoite, le feiceáil.

READ MORE

Gealltar cláir nua ceoil, scannáin úra sa tsraith Lasair agus Oscailt agus tuilleadh drámaíochta in Ros na Rún agus beidh Hector 'Hola' Ó hEochagáin ar camchuairt i Meiriceá Láir agus Theas in Amú Amigos.

Cad is féidir linn a rá ach: Vamos!