Teilifis Ultach

'Is cineál de mhíorúilt é gur féidir le daoine nach raibh taithí dá laghad acu tamall gairid ó shin toiseacht a dhéanamh cláracha…

'Is cineál de mhíorúilt é gur féidir le daoine nach raibh taithí dá laghad acu tamall gairid ó shin toiseacht a dhéanamh cláracha in achar chomh gearr," a dúirt stiúrthóir an Iontaobhais ULTACH, Aodán Mac Poilín agus é ag caint ar obair an eagrais i gcúrsaí teilifíse.

Beidh chéad bhláth na míorúilte sin le feiceáil Dé Sathairn i mBéal Feirste. Seolfar an chéad chlár, Ceird an Cheoil, de sheisear atá déanta ag léiritheoirí a fuair coimisiún agus taithí teilifíse ar chúrsa oiliúna a reachtáil an tIontaobhas in earrach na bliana seo. Craolfar na cláir ar fad ar TG4 ar ball.

Bhí lúchair ar Mhac Poilín gur éirigh leis na traenálaithe dul chun cinn chomh suntasach sin a dhéanamh: "Ní amháin go léireoidh seo do rialtas Westminster gur féidir bonn a chur faoin earnáil teilifíse Gaeilge in aichearracht, fágann sé nach bhfuil leithscéal acu anois moill a chur ar an chiste teilifíse atá muid ag iarraidh le 12 bliain.

"Agus an Bille Cumarsáide ag dul fríd Westminster, tá tábhacht ar leith leis an fhorbairt seo. Tá na traenálaithe le moladh as a ndíograis agus a gcumas."

READ MORE

Dúirt sé fosta go raibh buíochas ag dul d'Fhoras na Gaeilge, TG4, na státseirbhísigh sa Roinn Cultúr, Ealaíon agus Foillíochta i mBéal Feirste, Údarás na Gaeltachta agus na daoine uilig a thug traenáil as a gcuidiú.