Teifigh ar lorg uisce

Beocheist: Millions of 'water refugees' will have to leave their homes in search of water, writes Seán Ó Riain

Beocheist: Millions of 'water refugees' will have to leave their homes in search of water, writes Seán Ó Riain

Tá rabhadh tugtha ag Tearfund, grúpa fóirithinte sa Bhreatain, go mbeidh ar na milliúin daoine sna tíortha neamhfhorbartha imeacht óna n-áit dúchais chun uisce a lorg. Lucht dídine nua.

Tá deich n-uaire níos mó uisce á úsáid anois ná mar a bhí 100 bliain ó shin. Faoin mbliain 2025 toisc arduithe i ndaonra an domhain agus i gcaighdeáin mhaireachtála, beidh 50 faoin gcéad níos mó uisce ag teastáil, beidh easpa uisce ar bheirt as gach triúr agus beidh soláthar uisce ghlain ina ábhar mór imní.

Níl ach 2.5 faoin gcéad d'uisce an domhain nach bhfuil salanda agus is sna hoighearshruthanna atá dhá thrian de sin.

READ MORE

Titeann mórchuid an fhuíll ag an am mícheart agus san áit mhícheart, mar a tharlaíonn i gcás tuillte is monsún. Sa deireadh thiar, an t-uisce atá ar fáil don duine níl ann ach 0.08 faoin gcéad d'uisce uile na cruinne.

Cúpla staitistic eile. Tá 20 milliún duine san Afraic ag brath ar Loch Shead le haghaidh uisce, loch gur tháinig laghdú 95 faoin gcéad air le 40 bliain anuas; sa tSín tá fíorghanntanas uisce in dhá thrian de na cathracha; san Iaráin is baolach go gcuirfidh an triomacht iachall ar dhá thrian den phobal bogadh chun na gcathracha.

Cuirfidh ganntanas uisce isteach go mór ar tháirgeadh bia, rud a ardóidh praghas an bhia. Dar ndóigh, is iad na bochtáin a bheidh thíos leis. Cheana féin, tá trí cheathrú den uisce a bhfuil teacht ag daoine air á n-úsáid don talamhaíocht.

Cuireann fás na tionsclaíochta tuilleadh brú ar lón uisce agus ar sholáthar fuinnimh araon. Tá dochar mór déanta ag dambaí a bhaineann uisce is talamh den gcosmhuintir.

San Ind meastar go bhfuil breis is 33 milliún duine, teifigh inmheánacha, díbeartha óna gcuid tailte de bharr dambaí.

Tá baint lárnach ag soláthar uisce le cúrsaí sláinte. Faigheann 6,000 páiste bás de bharr drochshéarachais gach aon lá. Leath de na daoine atá in ospidéil, táid ann de bharr galar a tháinig chucu san uisce. D'fhéadfaí na galair úd a leigheas ar bhealaí atá saor is simplí ach cur chuige.

Gach lá imíonn 160,000 duine ón tuath chun na gcathracha, rud a chuireann an-bhrú ar chórais shéarachais.

Maraíonn an bhuinneach níos mó daoine ná mar a mharaíonn an cogadh. Na daoine nach bhfaigheann bás, fágann dinnireacht, calar, tífeas is aicíd na traicé tréith lag iad.

Dar leis an Eagras Domhanda Sláinte (WHO) tá soláthar uisce ghlain is córais chearta shéarachais ar na cearta daonna is bunúsaí amuigh.

Tagann an pholaitíocht i gceist leis. Mar shampla, tá an t-uisce chomh gann sin sa Mheánoirthear go meastar go bhféadfadh sé bheith ina chúis chogaidh fós; féachaint cé a gheobhadh forlámhas ar uisce an cheantair. Tá an soláthar uisce is ísle ar domhan sa cheantar sin.

I limistéar Gaza tá 50 uair níos lú uisce ag an bPalaistíneach ná mar atá ag an Meiriceánach i SAM. Ach is cosúil go mbíonn go leor uisce ann i gcónaí chun linnte snámha na nIosraelach ar an mBruach Thiar a líonadh.

I nGána na hAfraice, dúirt Banc an Domhain go mbeadh iasachtaí móra le fáil ar choinníoll go ndéanfaí an córas uisce a phríobháidiú.

Deir na daoine "Más tír bhocht sinn, cén fáth na coinníollacha breise seo? Cé a thug cead do chomhlachtaí príobháideacha ón iasacht uisce a thógaint ónár loch féin agus é a dhíol ar ais linne?"

Smaointe iad sin atá ag teacht leis na smaointe atá ag an gCoimisiún Domhanda um Uisce a mholann parlaimintí a bhunú do lucht úsáidte uisce a mbeadh ról lárnach acu i riar na n-abhantrach is foinsí an uisce.

Gan uisce feonn an tsochaí is faigheann daoine bás. Nach linne atá an t-ádh go bhfuil thart ar 150 lítear uisce ag gach aon duine againn le húsáid mar is mian linn gach aon lá?

Sna tíortha is boichte níl le fáil ag duine ach an méid a bheadh againn i gcith 90 soicind.