Teanga is polaitiocht

Beidh comhdháil faoi chúrsaí teanga agus polaitíochta ar siúl ar Ollscoil na Ríona, Béal Feirste, seachtain ón lá inniu go dtí…

Beidh comhdháil faoi chúrsaí teanga agus polaitíochta ar siúl ar Ollscoil na Ríona, Béal Feirste, seachtain ón lá inniu go dtí Dé hAoine 20úMeán Fómhair.

Ar na téamaí, tá pleanáil teanga agus cúrsaí oideachais, oiliúint múinteoirí, riachtanais thaighde agus an Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnach nó Mionlaigh.

Beidh áit lárnach ag cás na Gaeilge agus na hUltaise ar an chlár. Ar na cainteoirí Gaeilge: beidh Breandán Mac Cormaic ó Ghaelscoileanna; Seán Ó Coinn ó Chomhairle na Gaelscolaíochta agus an Dochtúir Gabrielle Nic Uidhir, Coláiste Ollscoile Mhuire, Béal Feirste.

Eolas: 048-90273390 d.obaoill@qub.ac.uk