Teacsanna scoile

An bhfuil an teanga i dtéacsleabhair Ghaeilge soiléir go leor do dhaltaí? Cén dóigh is fearr chun ábhar nach bpléitear de ghnáth…

An bhfuil an teanga i dtéacsleabhair Ghaeilge soiléir go leor do dhaltaí? Cén dóigh is fearr chun ábhar nach bpléitear de ghnáth i nGaeilge a chur faoi bhráid na ndaltaí, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Ar cheart cur chuige difriúil bheith ag téacsleabhair do scoileanna Gaeltachta agus téacsleabhair do scoileanna Galltachta?

Má tá gluais i dtéacsleabhar an fearr é ag bun an leathanaigh nó ag deireadh an leabhair? Cén úsáid is féidir a bhaint as an Idirlíon?

Níl ansin ach cuid de na ceisteanna a bhfuiltear ag súil go mbeidh plé orthu ag seimineár ar théacsleabhair iarbhunscoile a bheidh ar siúl ag an Ghúm in Óstán an Galway Bay, Gaillimh, Dé hAoine 29ú agus Dé Satharin 30ú Aibreán.

READ MORE

Is é seo an chéad uair don Ghúm seimineár mar seo a reáchtáil, a dúirt Antain Mag Shamhráin, eagarthóir de chuid an eagrais a bheidh páirteach sa seimineár.

Cé go mbíonn teagmháil ag foireann an Ghúim le múinteoirí go rialta is é seo an chéad uair chun ceist na dtéacsleabhar a phlé go poiblí.

Tabharfaidh sé deis dóibh caint faoin rud a bhíonn ar siúl acu agus tuairimí agus moltaí a fháil ó mhúinteoirí agus ó dhaoine eile faoin obair sin, a dúirt sé.

Eolas: 091-505753/086-3905630 seiminear@eircom.net