Tairseach

Mura mbeadh ann ach an clúdach ildaite agus an leagan amach ba dheacair gan suntas a thabhairt don chéad eagrán den iris Tairseach…

Mura mbeadh ann ach an clúdach ildaite agus an leagan amach ba dheacair gan suntas a thabhairt don chéad eagrán den iris Tairseach atá an iris foilsithe ag na mic léinn Iriseoireachta agus Gaeilge, Scoil na Meán, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath. Tá siad ar fheabhas ar fad.

Chomh maith leis sin, tá ardchaighdeán iriseoireachta sna hailt, taighde ceart déanta ag na húdair agus toradh a gcuid taighde curtha go soiléir i nGaeilge chruinn soléite.

Chuir mé féin suim in dhá alt ach go háirithe, cuntas Eoghain Uí Mhuirgheasa, "Tír na Tiúilipe", ar an chiníochas san Ísiltír, (b'oscailt súl dom a fhorleithne agus atá sé) agus an ceangal atá déanta ag Ciara Ní Chuinneáin in "Ó Ogonnis go Bogonnis" idir marú naonúr agóideoirí sa Nigéir, a bhí ag iarraidh stop a chur leis an damáiste a bhí an comhlacht Shell ag déanamh ar a dtír dhúchais, agus Cúigear Ros Dumhach.

Má tá iriseoirí den chaighdeán seo ag teacht amach as Scoil na Meán ní baol d'iriseoireacht na Gaeilge.

Tá saorchead isteach ach iarrtar ort focal a chur ar áit roimh ré. Eolas: 01-6744873/6744806