Taighde teanga

TÁ IONAD na dTeangacha agus Roinn na Síceolaíochta ar Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, le taighde a chur sa siúl ar thionchar Scéim…

TÁ IONAD na dTeangacha agus Roinn na Síceolaíochta ar Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, le taighde a chur sa siúl ar thionchar Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge (Coláistí Gaeilge) ar chur chun cinn na Gaeilge.

Díreoidh an taighde ar dhearcadh na ndaltaí, a dtuismitheoirí agus a ngnáthmhúinteoirí i leith na gcoláistí céanna.

Dúirt stiúrthóir Ionad na dTeangacha i Má Nuad, Anna Ní Ghallachair, leis an cholún seo go raibh sé mar sprioc ag an taighde cumas na mac léinn a mheas agus fáil amach cén t-inspreagadh a fhaigheann na daltaí as tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht.

Bhí deich gcoláiste agus na canúintí ar fad i gceist.

READ MORE

Scrúdóidh na taighdeoirí tionchar na gcoláistí ar chaomhnú na Gaeilge mar theanga bheo i measc phobal na Gaeltachta. Tá rún acu tuarascáil a fhoilsiú Aibreán na bliana seo chugainn ar bhuanna agus laigí na gcoláistí samhraidh agus moltaí a dhéanamh faoi ról na gcoláistí san am atá le teacht.

Beidh an fhoireann taighde ag dul i mbun oibre an mhí seo agus beidh deis ag grúpaí nó daoine aonair breathnú ar cheistneoir ar líne Meán Fómhair na bliana seo ar www.teanga.ie