Taidhleoir teanga

Tá Bord na Gaeilge, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ag reáchtáil seimineár leath lae i dteanga agus cultúr na hÉireann…

Tá Bord na Gaeilge, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ag reáchtáil seimineár leath lae i dteanga agus cultúr na hÉireann d'ambasadóirí agus lucht taidhleoireachta Déardaoin, 23ú Bealtaine. Is i mBéarla a bheidh na cainteanna céanna.

Cuirfidh Dáithí Mac Cárthaigh, abhcóide, tús leis an lá ag 10 a.m. le caint ar an Ghaeilge agus cúrsaí dlí. Ag 10.30 a.m. labhróidh an tOllamh Seosamh Watson ar logainmneacha.

Beidh eagarthóir Beo (www.beo.ie), Éamonn Ó Dónaill, ag díriú ar an Ghaeilge mar theanga pobail ag 11.30 a.m. agus tabharfaidh iar-Cheannasaí na gClár Gaeilge in RTÉ, Neasa Ní Chinnéide, léargas ar an teanga sna meáin chumarsáide.