Taibhsí

 

CROBHINGNE:IS BEAG duine anois a chreideann i dtaibhsí, cé nach ionann sin agus nach ann dóibh. Ní fhaca mé féin ceann ar bith riamh. An t-aon uair amháin a cheapas i lár na hoíche ar mo shiúlta dhom go raibh púca ag comharthaíocht dom is tobán bainne a bhí ann ar maidin.

An té is amhrastúla amuigh ar éigean go bhfanfadh sé i reilig leis féin san doircheacht idir titimín na hoíche agus breacadh geal na maidne gan cúpla buidéal rua a bheith ina theannta. Ní hiad scéalta na bpúcaí a mhúsclaíonn na ceisteanna san té is fuar réasúnta loighic-cheangailte amuigh, ach an tochas beag sin i gcúl an chinn gur dócha nach bhfuil gach rud ar eolas againn.

Dúradh tráth gurbh é Leonardo da Vinci an duine deireanach ar domhan go raibh gach rud ar eolas aige, cé nach dócha go bhféadfadh sé scéal fada fiannaíochta a aithris.

Bhí de cháil ar Isadore Sevilla san 7ú haois go raibh gach rud ar eolas aige siúd, leis, agus go bhféadfaí an t-eolas san a chuimsiú laistigh de thuairim is 400 leathanach.

Is é is cúis iontais anois gur féidir go mbeadh níos mó ar eolas ag an bpáiste seacht mbliana d’aois faoi láthair ná mar a bhí ag saoithe uile an tsaoil cúpla céad bliain ó shin.

Nó, tá teacht ar ár seacht sáraí níos mó eolais anois seachas mar a bhí riamh, pé leas a bhainimid as.

Fág is nach ndeirtear go hoscailte é taibhsítear go minic dúinn go bhfuil gach rud ar eolas againn. Bhí gach rud ar eolas ag Galen, ag Arastatail, ag Newton, ag Einstein, ag Dustin, ach féach gur scoitheadh gach duine díobh.

Thuig na daoine a raibh teanntás acu ar a leithéid cad ba imtharraingt ann idir 1687 agus 1916, ach sracadh an tuiscint sin as a chéile aimsir éirí amach na Cásca, imeacht nach raibh aon bhaint aici léi.

Rud socair bunaidh ba ea an t-adamh, bonn na cruinne agus na beithe go dtí timpeall is 1926, ach is anois a thuigimid gur geall le liathróid sneachta ag rince ar meisce é.

Cad é an scéal is déanaí faoi ionathair an chuairc? Bhíodh gaois ag Freud go dtí gur tuigeadh gur praiseach is ea an taobh istigh den intinn ar aon nós.

Is léir go gceapfaidh tú go bhfuilim ag dul ar seachrán cheana in eanaí dorcha na heolaíochta a bhfuilim chomh haineolach leis an eolaí iontu. Ach níl aon aontú ag na heolaithe is saineolaí amuigh ná laistigh ar cad is eolaíocht ann, ach oiread le dlíthe fundamainteacha na heolaíochta neamheolaí sin.

Táimid lán de lán agus sinn ag seasamh ar ghuaillí na bhfathach agus na n-abhac a d’imigh romhainn. Ar éigean go mbeadh faic ar eolas againn munarbh é gur fhionn na milliúin a d’imigh tharainn a bhfuil ar eolas againn anois. Ina choinne sin, bhí na daoine a chuaigh romhainn chomh bómánta agus chomh hamaideach agus chomh dúr agus atáimidne.

Is chuige atáim, dá eolaí is atáimid dar linn suas is anuas le Isadore agus le hArastatail agus le Leonardo da Vinci féin, táimid inár n-amadáin i láthair na cruinne. Pé rud faoin aimsir fháistineach agus faoin aimsir chaite, níl pioc na faic ná giob ar eolas againn faoin aimsir láithreach.

Ní fheicimid uair ar bith ach slisne bheag chaol dá bhfuil inár dtimpeall agus pé rud a adaímid as sin tá ag brath ar ár gcuid claonta, radharc ár súl, daille ár gcéadfaí eile, agus an leite chaoch sin atá idir dhá chluais.

B’fhéidir go bhfuil an leite chaoch sin solasmhar suas is anuas le tuiscint an ladhráin trá ach ar ghualainn na cruinne ní móide go bhfuil níos tuisceanaí ná broim spideoige i gcomparáid le puth dreancaide i bpoll folaigh.

Mura bhfuil a fhios againn cá bhfuil an phairteagail fho-adamhach is lú is lú dá laghad bídí dá bhfuil neamheolas leath-thuairimíoch againn uirthi, cén seans atá againn ar dheimhne a dhéanamh maidir leis na socruithe atá le déanamh againn ar phlána an tsaoil mhóir?

Tá seans againn, gan amhras, mar táimid anseo fós agus cé nach féidir linn gach rud a bheith ar eolas againn, is féidir go leor.

San aighneas seo idir go leor eolais agus eolas cinnte dearfach bíonn an lá i gcónaí ag an leor eolais. Cóta mór scaoilte is ea an tuiscint a leathnaíonn thar ár gcuid meabhrach agus a dhéanann an gnó fad is a mhaireann an fuacht.

Is isteach trí na muinchillí a ghluaiseann na taibhsí. Tá na taibhsí i bhfolach san adamh. Is iad na taibhsí a ghluaiseann an intinn. Tá na taibhsí ag creimeadh leo sa teoiric is daingne amuigh. Is iad na taibhsí sa mheáisín a scriosann an t-inneall. Bíodh creideamh agat sna taibhsí, mar sin a bhfuil agat.