Tacaíonn an Taoiseach leis an teanga

Thug an Taoiseach Bertie Ahern tacaíocht mhór do ról agus d'fhorbairt na Gaeilge sa tsochaí agus é ag oscailt Ghaelcholáiste …

Thug an Taoiseach Bertie Ahern tacaíocht mhór do ról agus d'fhorbairt na Gaeilge sa tsochaí agus é ag oscailt Ghaelcholáiste Luimnigh go hoifigiúil Dé hAoine seo caite. Dúirt an Taoiseach go raibh sé "thar a bheith tábhachtach go mbeadh lucht labhartha na Gaeilge agus mic léinn ábalta a ngnó a dhéanamh inár dteanga féin - bídís ag scimeáil ar an Idirlíon, ag scríobh cáipéisí nó i dteagmháil lena chéile".

Mhol an Taoiseach Microsoft as leaganacha Gaeilge dá mbogearraí a chur ar fáil do Ghaelcholáiste Luimnigh, an chéad scoil a fuair iad: "Is tuar dóchais dúinn uile é go ndeachthas i mbun a leithéid de thionscadal." Cuirfidh Microsoft na táirgí seo - Microsoft Office agus Windows - ar fáil saor in aisce do lucht na Gaeilge ar an bhliain seo chugainn.

Dúirt an Taoiseach gur ócáid stairiúil a bhí ann an Gaelcholáiste bheith ag cur fáilte roimh dhaltaí agus go raibh "stair ag baint leis an suíomh ar a bhfuil an scoil lonnaithe. Is ann a chónaigh teaghlach Brian Merriman".

Dúirt príomhoide na scoile, Donncha Ó Treasaigh, gur mhór an méid a bhí bainte amach ag an scoil ach nach raibh ann ach tús.

READ MORE

Thug sé moladh do Microsoft fosta as an chéad leagan Gaeilge de Windows agus Office a chur ar fáil don scoil: "Mar scoil lán-Ghaeilge agus mar scoil a dhéanfaidh a dícheall an teicneolaíocht a chomhshnaidhmeadh leis an gcuraclam, is mór an chabhair dúinn é go mbeidh Microsoft Windows agus Office ar fáil as Gaeilge chun gur féidir leis na daltaí iad féin a thumadh i dtimpeallacht lán-Ghaeilge i ngach gné dá gcuid scolaíochta agus gur féidir leo a ngnó ar fad a dhéanamh trí mheán na Gaeilge."

Is é Gaelcholáiste Luimnigh an t-aon iar-bhunscoil chomhoideachais lán-Ghaeilge i Luimneach agus is é an t-aon mheánscoil é atá ag tairiscint oideachais trí mheán na Gaeilge. Thug an tAire Oideachais agus Eolaíochta, Mary Hanafin, aitheantas don choláiste i mí Dheireadh Fómhair 2005 mar go raibh an oiread sin éilimh ar oideachas dara leibhéal trí mheán na Gaeilge.

Tá an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, i ndiaidh an chéad scéim teanga de chuid Óglaigh na hÉireann a dheimhniú faoi alt 11 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla.

As seo amach, cuirfidh an tArm: roinnt foirmeacha iarratais agus bileoga eolais ar fáil go dátheangach; beidh a suíomh Idirlín dátheangach agus cuirfidh siad preasráitis ar fáil go dátheangach.