Ta na hAlbanaigh abhus

Is sa bhliain 1970 a bhunaigh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge an malartú cultúrtha, Turas na bhFilí, camchuairt bhliantúil idir…

Is sa bhliain 1970 a bhunaigh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge an malartú cultúrtha, Turas na bhFilí, camchuairt bhliantúil idir Éirinn agus Albain. Is iad na filí Maoilios Caimbeul agus Crìsdean Whyte, an t-amhránaí Julie Fowlis agus an cláirseoir Deirdre Ghreumach a bheidh ag seasamh an fhóid ealaíonta ar son na hAlban an babhta seo.

Beidh siad ar Ardán le Páidí Ó Lionáird oíche Shathairn ar TG4 ag 10pm. Ina dhiaidh sin, beidh siad: sa Ghaeláras, Doire, Dé Domhnaigh ag 8pm; in Óstán na Cúirte, Gaoth Dobhair, oíche Luain ag 8.30pm; san Ionad Ealaíon, an Lárleabharlann, Leitir Ceanainn, Dé Máirt ag 8pm agus le Gaelchultúr, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath, seachtain ón lá amárach ag 1pm. Cuirfidh siad deireadh lena gcamchuairt i gCaife Úna, Áras na Comhdhála, Baile Átha Cliath, seachtain ón lá amárach ag 8pm, tráth a mbeidh oíche mhór cheoil agus filíochta.