Ta Delirium Taytos orm cheana fein

Níl ach coicís den Charghas caite agus tá mé ag fulaingt faoi láthair

Níl ach coicís den Charghas caite agus tá mé ag fulaingt faoi láthair. Tá díth na mbrioscán prátaí ag cur as dom go mór. Crothnaím Tayto agus Pringle's agus Golden Wonder agus cnónna KP le himeacht gach aon lae.

Crothnaím a mboladh nuair a osclaím an mála; crothnaím a mblas agus a mbriseadh i mo bhéal agus mé ag cogaint go cíocrach. Tá Delirium Taytos orm cheana féin.

Chomh páistiúil agus atá sé mar íobairt don Charghas. Is é an sórt ruda a dhéanann tú agus tú ar bhunscoil. Ach is é an nós agam é iad (agus an tseacláid) a chur uaim le linn na tréimhse.

Ní mhaireann an Carghas ach seal beag gairid; níor cheart go gcuirfeadh sé as dom. Níor cheart go gcuirfeadh sé as do dhuine ar bith againn a choinníonn an Carghas.

READ MORE

Breathnaigh na daoine bochta fud fad an domhain nach bhfuil a ndotháin le hithe acu, a deir tú leat féin, ní tada do throscadh beag sólaistí le cois a nganntanais laethúil.

Agus ní tada é ach is scáfar an greim docht doscaoilte a fhaigheann brioscaí agus brioscáin phrátaí ar an duine. Chomh réidh a thagann siad chugainn; níl le déanamh ach an cófra a oscailt agus is ann atá siad.

Cupán tae? Tógfaidh mé Twix beag. An cupán caifé? Kit Kat mar rogha. An pheil ar an teilifís? Coca Cola agus mála Tayto. Tógtar iad gan oiread agus smaoineamh nach mbeadh siad ann.

Go dtí an t-am seo bliana. Mura ndéanann an Carghas maith ar bith eile dúinn, déanann sé an rud seo - cuireann sé luach bia i gcuimhne dúinn. Ní an luach i dtéarmaí euro atá mé á mhaíomh ach luach an ruda bheith ann ar chor ar bith; luach an ábhair féin bheith ina luí thart go flúirseach sa chistin agus sna siopaí.

Is gníomh beag cuimhneacháin agus gníomh beag umhlaíochta é an troscadh. Ní mórán é. Níl ann ach sólaistí; níl ann ach rudaí beaga bídeacha. Ní bhfaighidh mé bás gan iad. Tá neart bia - atá níos sláintiúla - le hithe agam.

Tig liom an goile a chloí le húll nó le banana nó píosa eile aráin nó práta eile am dinnéara.

Ach crothnaím iad.

Agus más deacair domsa, duine fásta siosmaideach, staonadh ó nithe chomh simplí neamhdhochrach le brioscáin phrátaí nó brioscaí, nach míle measa é cás an duine atá i ngreim an óil nó an chearrbhachais nó drugaí?

Tá Delirium Taytos orm - agus an t-ádh ina rith liom nach bhfuil ann ach é.