Tús maith agus droch-chaint

BEOCHEIST: Más tús maith leath na hoibre, ba chóir go mbeadh an Taoiseach úr Brian Cowen an-sásta leis féin

BEOCHEIST:Más tús maith leath na hoibre, ba chóir go mbeadh an Taoiseach úr Brian Cowen an-sásta leis féin. Cheana féin, tá sé léirithe aige sa Dáil nach aon Bhertie bog eisean.

Ní raibh de shamhail ar an eachtra sa Dáil nuair a chonacthas é ag drannadh ar an bhfreasúra ach an clár teilifíse sin One Man and his Dog nuair a chuirtear madadh trí chúrsa chun caoirigh a locadh.

Baineadh siar d'Fhine Gael nuair a fuair siad amach nach Little Red Riding Hood a bhí os a gcomhair ach an mactíre é féin. Bhí Biffo ag stróiceadh an obair bhaile!

Maidir leis an "F-fhocal" a d'úsáid sé, léirigh pobalbhreith ar Newstalk an mhaidin ina dhiaidh gur chun a leasa a chuaigh sé i dtuairim na coitiantachta. Bíonn muintir na tíre níos tuisceanaí ná mar a cheaptar uaireanta.

READ MORE

An t-aon ábhar iontais ná gurb airsean a rugadh faoi úsáid an fhocail sin. Tá a lán den gcur is cúiteamh faoin Taoiseach nua seanchaite faoi seo. Tá putóga ainmhithe fiáine scrúdaithe go géar ag draoithe na nuachtán chun a fháil amach cad é a bheidh i ndán d'Fhianna Fáil agus don Stát faoi réimeas bhalcaire Uíbh Fhailí.

Tá óráidí an Taoisigh nua cíortha acu chun leid a fháil faoin tionchar a mhúnlaigh é agus faoin treo ina rachaidh sé. Thug siad suntas ar leith dá thagairtí do Lemass. "Ceannaire pragmatach praiticiúil," a léigh siad sna putóga.

Ach ansin, céard faoin spéis domhínithe seo a léirigh Cowen sa nGaeilge? Tháinig an ghné seo den bhfear aniar aduaidh fiú ar go leor daoine nach den aos draíochta iad.

Tagann samhail de phortráid Phádraig Mhic Phiarais a bhíodh crochta ar an bhalla taobh thiar de Bhertie ina oifig féin chun cuimhne. Is é féin a d'iarr é. Ach rinne Cowen bolscaireacht níos mó don nGaeilge ina chéad sheachtain ná mar a rinne Bertie sna blianta sin ar fad.

Cá bhfágann sé sin an teoiric faoin gceannaire praiticiúil? I dtuairim scríbhneoirí áirithe, ní réitíonn an dá rud le chéile, an Ghaeilge agus an gnó. Measann siad gur cineál "installation art" ar scála ollmhór náisiúnta é an iarracht chun an Ghaeilge a shábháil.

Is teist mhaith í ar Cowen go bhfuil éirithe leis lipéad a sheachaint agus go bhfuil a laghad sin aithne ag lucht na nuachtán air. Tugann a iompar le fios gur fear é nach mbeadh an oiread sin spéise aige san "íomhá" nó sa "gcur i láthair". Ní bheidh teacht éasca ag tuairisceoirí polaitiúla air mar a bhíodh acu ar Bhertie.

Ach tuigeann Cowen go rímhaith tábhacht na nuachtán. Níor tugadh riamh míniú sásúil ar an gcruinniú rúnda a bhí aige féin agus ag Bertie Ahern le Tony O'Reilly ag tús an olltoghcháin.

Ar bhuail siad le húinéirí eile nuachtán? Ní fios fós mar nár freagraíodh an cheist.

Iompraíonn Cowen é féin mar dhuine stuama tíriúil más borb féin. Tuigeann sé, ar nós Bhertie, meon na gnáthmhuintire agus muna dtarraingíonn sé chuige an gean céanna agus a mhealladh Bertie, tá meas air as an modh díreach atá aige ón gcliabhán.

I gcead do na draoithe, ní gá gur ar Lemass seachas ar de Valera a bheadh sé ag breathnú mar ábhar inspioráide. Orthu go léir a bheidh a aird. Go simplí, is Fianna Fáilí den seandéanamh go smior é.

Is bunchloch chreidimh leis é mar a bhíodh lena athair Ber agus lena sheanathair. Is tábhachtach leis na haidhmeanna móra náisiúnta a leag an páirtí sin roimhe agus d'fheac sé a ghlúin rompu ina chéad sheachtain.

Labhair sé faoi thábhacht na Gaeilge. Agus nuair a luaigh sé Lemass agus léamh Lemass ar "thírghrá", mheas a lán go raibh sé ag labhairt i gcód faoin ngnó neamhchríochnaithe sa Tuaisceart a chur i gcrích ar bhealach eile.

Ní luaitear na focail "athaontú na hÉireann" a thuilleadh, luaitear an "eacnamaíocht uileÉireannach". Cogadh eacnamaíoch de chineál eile atá ar siúl anois agus gan mar armlón ach cineáltas agus carn airgid.

Léirítear sna chéad phobalbhreitheanna go bhfuil bá réasúnta mór ag Cowen. Ní raibh ann áfach ach mí na meala.

Tá na cruacheisteanna le cur fós. An mbeidh an misneach aige gearradh siar ar chaiteachas na seirbhíse poiblí?

An féidir leis margadh a dhéanamh leis na ceardchumainn a bhfuil a súile acu ar an mboilsciú?

Agus an mbeidh sé ar a chumas muid a tharraingt as duibheagán na seirbhísí sláinte?

Tá leanaí ghlúin an rachmais, nár bhlais riamh ach só agus socúlacht, ag fanacht le freagra.

Is iomaí tús maith a raibh críoch thubaisteach air.