Tá ábhar mórtais againn mar phobal

CROBHIGNE: Ós ní é go bhfuilimid chomh maith sin dár bpleancadh agus dár mbualadh féin, agus gur spórt mór náisiúnta é an tsádmhasacacht…

CROBHIGNE:Ós ní é go bhfuilimid chomh maith sin dár bpleancadh agus dár mbualadh féin, agus gur spórt mór náisiúnta é an tsádmhasacacht a bhfuil dúil ag gach n-aon ann, de dhealramh, ní miste ó am go chéile seasamh siar agus áireamh a dhéanamh ar na nithe maithe dearfacha a bhaineann leis an tír seo againn féin.

Ní háil le daoine é seo a chloisint rómhinic, go deimhin is dóichí ná a chéile go gcuireann sé doineantaigh le báiní ar fad, ach is fiú dul sa tseans nach bhfaighidh mé piléar airgid tríd an bpost.

1. An cogadh cathartha: b’fhéidir gurb ait le daoine é seo a lua beag ná mór toisc gur fhág sé scáil chomh dorcha sin ar pholaitíocht na tíre ar feadh na nglún, ach sodar breá bog a bhí ann suas is anuas le cogaí cathartha tíortha eile – abair sa Rúis 1917-23, sa Spáinn 1936-9, Nicearagua 1970-90, Sri Lanka le cúpla bliain anuas, an Congó agus An tSiria faoi láthair, agus ar aghaidh leat.

2. Aimsir agus aeráid: seans go bhfuil cúr le do bhéal cheana toisc nach féidir dul amach leis an díle bháistí lasmuigh den fhuinneog, ach smaoinítear ar na séideáin bhruithne siar uainn ag gabháil steallaidh gan choinne, an easpa uisce ó dheas, an fuacht mharfach á leathadh aduaidh, súnámaithe thoir, agus bolcáin, agus critheanna talún, agus madhmanna sléibhe agus...

READ MORE

3. Gardaí: iad a bheith réasúnta macánta, díreach, cuiditheach, agus má ghabhtar tú tá seans maith ann nach mbuailfear seacht gcineál bualtraí asat sa bheairic. Ná síltear nach rud tábhachtach é seo.

4. Daonlathas: is ea, is féidir an lá go léir a chaitheamh ag bitsíocht agus ag banrán agus ag cnáimhseáil agus ag cáinseoireacht mar gheall ar an gcóras agus lofacht na ndaoine a thoghaimid féin, ina choinne sin, táimidne ó dheas ar cheann de na stáit is faide daonlathas neamhbhearnaithe ar domhan, agus vóta ag cách ó 1922, murab ionann agus áiteanna eile i bhfogas dúinn agus trasna na dtonnta ag dul siar.

Níor déanadh daoine a lámhach ar an tsráid toisc go raibh an guth á éileamh acu, agus is lú ná sin a raibh fir faoi bhráillíní bána ag iarraidh sinn a chrochadh.

5. Aigne leathan: is é sin, formhór ár gcuid eolais, ár gcuid leabhar, ár gcuid faisnéise is isteach anall a thagann chugainn, ionas gur fairsinge ár gcuid tuisceana ar an domhan mór ná orainn féin.

6. Neodracht: is dá thoisc seo níor ghlacamar páirt sna cogaí is barbartha dá raibh ann cúpla glúin ó shin, agus níos déanaí.

Níl fuil ar ár lámha ó ruathair aeir ná talaimh san Iaráic, ná in Burma, ná i gCéinia, ná El Salvador, ná...tá’s agat féin.

Ná níl aon chleachtadh ceart againn ar phríosúnaigh a loscadh, ná a chur ar raca,

Ar chúis éigin, ceapaim gur cheart a bheith iontach mórálach as seo.

7. An Cumann Lúithchleas Gael: is fíor nach mbíonn an bua ag an bhfoireann cheart i gcónaí, agus go rómhinic ag an bhfoireann straidhpí dubh is buí-ómra, ach is beag eagraíocht a thugann oiread sin misnigh is ardmheanman don oiread sin daoine an oiread sin uaireanta i rith bliana ar bith.

8. Cairdiúlacht: is cuma nó cliché rósheanchaite é seo lena chur sa mheá, ach tar éis cuid mhaith siúlóide a dhéanamh i gcríocha i gcéin, is eagal liom gur fíor é.

B’fhéidir nach mbíonn ann ach bladar agus plámás go minic, ach is deas an focal cineálta agus an miongháire seachas an pus fada agus an doicheall domhain.

Má tá aon amhras ort bain triail as traein sa bhFionlainn, nó cúinne sráide san Ungáir, nó baile beag bainseó ar imeall na slí in Texas.

9. Ceol: tá rud éigin draíochtúil agus sainiúil agus éagsúil sa cheol dúchais againn nár múchadh ag measúlacht an stáitse agus na gceoláras.

Is beag duine nach bhfuil cúpla véarsa go dona féin aige, bíodh siad ó sheanbhailéid nó rabhcáin leathdhearmadta, gan trácht ar an ardlitríocht i bhfoirm amhrán atá againn go rábach.

10. Uachtaráin: in ainneoin na ngamal a scaoilimid go coitianta chun na Dála agus na gcomhairlí contae, bhí uachtaráin den scoth againn, gach duine díobh ina shlí féin.

Agus is sinne a thogh iad. Níor tháinig siad chugainn le hoidhreacht nó mar iarsma sheanchogaidh nó le breab nó leis na cairne buí óir agus airgid.

Cuirtear suas is anuas iad le cinnirí stáit eile, agus mar adúirt an té adúirt, ní náireodh siad tú.

Ó sea, tá liosta chomh fada céanna de na cúiseanna arbh fhéidir linn sinn féin a aithisiú agus a eascainiú agus a mhallú ann.

Ach tá an Nollaig ag teacht agus tá chomh maith cúpla bronntanas a thabhairt dúinn féin i lár na fuipeála.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar