Suil eile TG4 faoi scrudu ag suile eile

 

I nDIAIDH A chéile a thógtar na caisleáin; i ndiaidh a chéile a fhoilsítear léachtaí comhdhála. Cnuasach aistí ar an stáisiún dátheangach, TG4, atá i gceist le TG4@10. Tabharfaidh an léitheoir géarchúiseach faoi deara láithreach nach deich mbliana d'aois atá TG4 ach 12 bliain d'aois.

Tugadh na cainteanna seo beo tá dhá bhliain ó shin ar chomhdháil ach is le deireanas a cuireadh i gcló iad. (Ná bíodh aon chaint shearbh ann faoin am a dtógann sé ar lucht acadúil teacht anuas óna dtúr eabhair!)

Is trua nár smaoinigh na heagarthóirí - Eithne O'Connell, John Walsh agus Gearóid Denvir - ar ainm eile, comhaimseartha, a thabhairt ar an leabhar le léitheoirí a mhealladh. Ba thrua dá gceapfadh duine ar bith gan an leabhar a léamh siocair go mb'fhéidir go raibh an t-ábhar 'as dáta'. Níl ná baol air. Tá mórán istigh anseo ar fiú a léamh agus a phlé.

Tugann na húdair cur síos macánta géarchúiseach ar TG4: ar úsáid na bhfotheideal; ar chaighdeán na teanga agus ar na dúshláin atá roimh an tseirbhís freastal ar a cuid tránna éagsúla. Lena chois sin, tá achoimrí i mBéarla (fotheidil?) ar na haistí.

Bíodh is gur leabhar é seo atá scríofa ag lucht acadúil, is iad na teistiméireachtaí ó dhaoine atá ag obair in earnáil na teilifíse an t-ábhar is mó a rachaidh i bhfeidhm ar an ghnáthléitheoir.

Is mór an chodarsnacht idir an dá aitheasc bheaga a thugann Irial Mac Murchú, bunaitheoir an chomhlacht teilifíse Nemeton, agus an t-aisteoir Niall Mac Eachmharcaigh a bhí seal ina léiritheoir agus scríbhneoir ar C.U. Burn agus sraitheanna eile. Is mór idir inniu agus inné agus is mór idir thuaidh agus theas, is léir.

Sa Rinn, Co Phort Láirge, atá Nemeton lonnaithe agus is beag deireadh seachtaine ann nach mbíonn cluiche peile nó iomána dá gcuid le feiceáil ar TG4. Scríobhann Mac Murchú go bhfuil an ceantar ar cheann de na háiteanna is mó ina léirítear cláir theilifíse, go gcuireann siad beagnach 200 uair an chloig de chláir ar fáil gach aon bhliain, go bhfuil foireann bhuan 25 duine acu agus 50 duine ag obair ar bhonn neamhspleách rialta.

Tá "níos mó ná jab i gceist" le TG4, a scríobhann Mac Murchú: "Bhí paisean, tuiscint agus úinéireacht i gceist, agus tá fós, fiú amháin i measc an phobail níos leithne. Tiomáin síos go dtí an bhunscoil sa Rinn aon lá agus féach ar na carranna ag bailiú na bpáistí ann. Tá greamán fuinneoige TG4 ar gach uile cheann acu. Mar a dúirt cathaoirleach Chomhairle Pobail na Rinne ag an am, Micheál Ó Fionnáin: "an tionscal is fearr a bunaíodh riamh sa Ghaeltacht.""

Cuireann Mac Murchú síos ar an chabhair a thug Údarás na Gaeltachta don tionscal nua, do chomhlachtaí ar nós Nemeton, agus ar an tacaíocht a thug daoine áitiúla dó fosta.

Cén fáth gur éirigh leis an tionscal chomh maith sin i bPort Láirge agus nár éirigh leis i gceantair eile Ghaeltachta? Creideann Mac Murchú gur imir "easpa maoinithe" agus "buiséid ísle" drochthionchar ar an earnáil: "Bhí, agus tá fós, na daoine san earnáil seo ag obair uaireanta níos faide, ar phá níos ísle ná aon réimse eile de na meáin chumarsáide.

"Mar gheall air seo, tá daoine - na daoine is fearr agus is cumasaí, go minic - ag fágaint na hearnála. Sin bac an-mhór ar theacht chun cinn na haibíochta san earnáil."

Spreagann an comhlacht úsáid na Gaeilge i measc an ghnáthphobail agus tá dream beag cainteoirí gairmiúla óga ag obair sa cheantar: "Conas mar a chuirfeá luach air sin? Ó thaobh na nDéise de is iontach é TG4. Ní hamháin go bhfuaireamar cainéal Gaeilge dúinn féin agus dár bpáistí, ach fuaireamar an buntáiste tánaisteach seo uaidh. Tántaiseach - sea - nó b'fhéidir i ndáiríre an príomhbhuntáiste."

Ní hionann an scéal i gceantair eile. Cuir an méid atá le rá ag Mac Murchú le caint Mhic Eachmharcaigh as Rann na Feirste i nGaeltacht Dhún na nGall.

Cur síos i bhfad níos gruama a dhéanann sé ar a thaithí san earnáil. Leoga, chomh gonta agus atá an cur síos go samhlófá osna ag deireadh a chuid cainte. Creideann sé gur ar "Dublin 4" atá TG4 ag díriú:

"Sílim gur chaill siad suim sa Ghaeltacht agus i gcomhlachtaí Gaeltachta ... Is cinnte gur cheart dóibh freastal ar Ghaeilgeoirí na tíre ach is Gaeilgeoirí muintir na Gaeltachta chomh maith."

Cailleadh postanna teilifíse i nDún na nGall diaidh ar ndiaidh, a scríobhann sé. Ní fheictear dó go bhfuil fís ag TG4 nó go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ag an stáisiún: "B'fhearr liomsa na cláracha a bhí ann na chéad bhlianta. Bhí blas na Gaeltachta orthu. Anois ní fheicim ach go leor cláracha déanta i nGaeilge le formáid iasachta nó gallda."

TG4@10: Deich mBliana de TG4 (Cló Iar-Chonnachta, €20). Eagarthóirí: Eithne O'Connell; John Walsh; Gearóid Denvir

Géarchéim Údaráis

BHÍ MÉ ag éisteacht le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus cathaoirleach Údarás na Gaeltachta, Liam Ó Cuinneagáin, faoi agallamh. Bhí cúrsaí airgid ag dul chun olcais san eagras de bharr an lag trá eacnamaíochta, a dúirt sé. Níor luaithe an chaint déanta aige gur tháinig preasráiteas oifigiúil thar an Idirlíon ón Údarás.

De ghnáth, tagann na ráitis go dátheangach ach ní an iarraidh seo. I mBéarla amháin a bhí sé: "Statement from the Board of Údarás na Gaeltachta re serious cut-backs for the organisation. At a meeting of the Board of Údarás na Gaeltachta held in Na Forbacha, Galway, today, the implications of the serious cut-backs to the organisation's current operational budget for 2009 was discussed..."

Serious cut-backs to the organisation's current operational budget! Cad é faoin ghearradh siar a rinneadh ar acmhainní Gaeilge an eagrais?

Ar an dea-uair, ó tharla gur ráiteas éigeandála i mBéarla atá ann, ní gá don cholún seo aird ar bith a thabhairt air. Tá mo mhéara i mo chluasa agam agus mo shúile druidte in aghaidh na 'géarchéime' nach géarchéim go dtí go mbíonn sí i nGaeilge.

Titeadh an tóin as an Ghaeltacht Authority in Furbo, Galway. Ní scríobhfaidh mé focal faoi go dtí go dtagann an preasráiteas i nGaeilge.

Beadaí, a deir tú. A dhuine, prionsabal a thugaimse air.

Cnuasach Choilm

IS Í an criticeoir agus léachtóir Máirín Nic Eoin a chuirfidh Rogha Dánta 1991-2006 (Coiscéim) leis an fhile Colm Breathnach i láthair an phobail san oíche amárach ag 6.30pm in Ionad an Phiarsaigh, Sráid an Phiarsaigh, Baile Átha Cliath.

Tá Breathnach ar dhuine de na filí is cumasaí atá ag scríobh in Éirinn faoi láthair.

Ní hamháin sin ach is scríbhneoir óg é - 47 bliain d'aois - agus is mór an moladh é go bhfuil rogha dánta dá chuid le foilsiú cheana féin.

aitheasc address - buntáiste advantage - codarsnacht contrast - dátheangach bilingual - éigeandáil emergency - gairmiúil professional - géarchéim crisis - macánta honest - neamhspleách independent - prionsabal principle - tánaisteach secondary - teistiméireacht testimony - tionscal industry