Suíomh na teanga

Sheol Foras na Gaeilge láithreán gréasáin dátheangach, www.gaeilge.ie an tseachtain seo caite.

Sheol Foras na Gaeilge láithreán gréasáin dátheangach, www.gaeilge.ie an tseachtain seo caite.

Is é is cuspóir leis nasc le grúpaí agus acmhainní a chur ar fáil do lucht foghlama na teanga.

Cuireann an láithreán eolas ginearálta ar fáil faoin Ghaeilge agus faoina cuid fréamhacha. Taispeánann an láithreán d'úsáideoirí conas tabhairt faoi fhoghlaim na teanga, conas agus cén áit is féidir í a úsáid agus tugtar eolas ar na seirbhísí agus ar na córais tacaíochta atá ar fáil.

Lena chois sin, tugtar deis d'úsáideoirí fógraí pobail - mar aon le fógraí rangaithe d'ócáidí, do chruinnithe, do ranganna, do chúrsaí agus do ghrúpaí comhrá áit ar bith ar domhan - a chur isteach. Tá eolaí inchuardaithe ar an láithreán le go mbeidh seans ag eagraíochta an pobal a chur ar an eolas faoi sheirbhísí.

READ MORE

Dúirt príomhfheidhmeannach an Fhorais, Seosamh Mac Donncha: "Is trí www.gaeilge.ie a bheidh tú féin in ann nasc a dhéanamh le teanga na Gaeilge. Sar i bhfad beidh sé ina shiopa aon stad do gach uile rud a a bheidh bainteach le teanga na Gaeilge. Níl sa rud atá á chur ar an saol againn inniu ach an tús.

"Tá Foras na Gaeilge tiomanta tuilleadh forbartha a dhéanamh ar www.gaeilge.ie lena chinntiú go mbeidh an láithreán seo in ann riachtanais agus mianta na bpobal, na ngrúpaí, na n-eagraíochtaí agus na ndaoine éagsúla a mbíonn sí ag freastal orthu a shásamh."