Stol tri gcos

Crobhingne: Léigh leat trí na nuachtáin agus féach romhat ar chainéil uile na teilifíse

Crobhingne: Léigh leat trí na nuachtáin agus féach romhat ar chainéil uile na teilifíse. Níl cathair ar bith eile de chuid na hEorpa a raibh léirsithe oíche ann go rialta ar bhonn polaitíochta le trí seachtaine anuas seachas Béal Feirste.

Na hOráistigh/Dílseoirí/Protastúnaigh ag caitheamh pléascáin is ag luascadh claimhte is ag bualadh drumaí.

Tráchtairí balbh go héag maidir leis an gcúis atá leis seo agus iad ag monabhar leo faoi 'mhíbhuntáiste' agus faoi bhagairt na hÉireann aontaithe.

Is ceart agus is cóir i gcónaí na cúiseanna a thaighdeadh mar níl a leithéid de rud agus an 'mindless violence' sin is gean le polaiteoirí ann. Tá cúis leis an scrios oíche le tamall, go díreach is mar a bhí cúis le ceannairc na náisiúntóirí. Níor ghá go n-aontódh duine ar bith leis an gcúis, nó go gceapfadh gur leordóthanach é, nó go bhfuil inmhaite nó domhaite, ach is ann do chúis éigin.

READ MORE

Is í fadhb na meastóireachta ná fadhb easpa na súl fada. Lorgaímid bun ár gcuid freagraí san rud a tharla inné. Ach ní inné riamh máthair an oilc. Gabhann préamh gach drochscéil amach siar na céadta bliain ar a laghad, agus is ag cnuasach clúimh agus deilgneacha a bhíonn an scéal go dtuirlingíonn sé orainne.

Níor thúsaigh foréigean nó cosaint dílseachta nó seasamh dínite nó fóibe nó gráin shíoraí ar chách nó coimpléasc géarleanúna nó daingne gan ghéilleadh na nAontachtóirí inniu ná inné le sos comhraic an IRA, ná i 1969, ná i 1922, ná i 1913, ná le bunú an Oird Oráistigh, ná le cath na Bóinne, ach ar an gcuid is lú dhe le Plandáil Uladh, agus níos faide siar ná sin arís le galldú na hAlban tar éis dúnmharú Macbeth.

Treibh chaillte aimlithe de chuid treibheanna Iosraeil iad aontachtóirí Uladh. Bhí siad riamh timpeallaithe ag Gaeil. Gaeil ag brú aduaidh orthu ó gharbh Garbhcríocha na hAlban, agus Gaeil ag bagairt anuas orthu ó gharbhshléibhte na gcríocha móinteacha nach raibh teacht ar Dhia iontu. Is anois táid fágtha ar thrá fholamh na staire, agus n'fheadair éinne cad is ceart a dhéanamh leo, agus n'fheadair siad féin cá bhfuil a dtriall.

Stól trí gcos a bhí fúthu in Éirinn ón tús. Cos amháin díobh bhain sin leis an gceangal leis an mBreatain; tá sin acu ó thaobh dlí agus cirt agus toil na ndaoine thuaidh agus theas.

Bhain an dara cos le bheith i gceannas ar an bpobal dúchais; tá deireadh leis sin go deo na ndeor agus ní bheidh filleadh ar bith i ndán. Is íogaire go mór an tríú cos mar tá an reiligiún ina lúib.

Is é is brí leis an bProtastúnachas ná a bheith in aghaidh an Chaitliceachais. Ní hé is brí leis an gCaitliceachas a bheith in aghaidh an Phrotastúnachais, mar bhí siad ann i bhfad rompu, agus b'iad na bunChríostaithe iad. FrithChaitlicigh iad is ea na Protastúnaigh ó bhonn. Sin é a raison d'etre, sin é cúis go bhfuil siad ann.

Cuireadh tóraíocht buidseachda ar an Uachtarán nuair a thuairimigh sí gur chothaigh roinnt daoine fuath in aghaidh na gCaitliceach mar Chaitlicigh sna Sé Chontaetha. Is eagal linn a admháil go raibh an ceart aici bíodh go bhfuil sin chomh soiléir leis an ngrian in Andalucia, nó leis an ré ar oíche spéirghealaí.

Páirtí creidimh Phrotastúnaigh is ea an DUP. Má bhaineann siad leis an aois seo againn féin is amhlaidh go mbaineann siad chomh dlúth céanna leis an 16ú haois. Antichríostachaí a bhfuil uimhir na béiste greanta ar chlár a n-éadain is ea gach páirtí eile. Ní páirtithe Caitliceacha iad an SDLP, ná Sinn Féin, ná Fianna Fáil, agus ní páirtithe Protastúnacha iad an UUP ná na Tóraithe ná Lucht Oibre na Breataine ná Fine Gael.

Is é an Pápa an tAntiChríost, dar leis an gcreideamh Cailvineach leanbhmharaitheach, agus mhaígh Éamonn V11 Shasana gur chóir tír ar bith a shmachtú a mbeadh tearmann ag FrithChríost ann.

Is breá linn siar amach an milleán a chur ar an gcreideamh Ioslamach - agus tá mórán nithe buile barbartha ina chroí istigh - maidir le sceimhlitheoireacht ár mbailte móra; agus gan amhras, dar linn, d'fhág an Caitliceachas iarTriontach a lorg pianmhar ar ár saol go léir mar dhea ó bhuillí troma an leathair agus ó bhailbhe ár gcuid cainte leis an inscne thall.

Ach ná dearmadtar gurb é an Protastúnachas polaitíochta, bíodh ó ghlam Phaisley é, nó ó bhéal an Bhuish, nó ó dhraid Bhlair a shileann, gurb é fós an fórsa polaitíochta is neamhghéilliúla ar chlár na cruinne é.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar