Stair na hEireann a ligean le sruth le fonn agus le failli

 

Ceithre chéad bliain ó shin, cuireadh deireadh le cogadh fuilteach idir Éirinn agus Sasana agus cuireadh ceann ar phróiseas lochtach síochána nuair a ghéill Aodh Ó Néill, Iarla Thír Eoghain, d'údaráis Shasana ar 30ú Márta.

Tá stair na hÉireann líon lán le hócáidí stairiúla agus le himeachtaí a chuir cor i gcinniúint a pobail. Mar sin féin, tá Cogadh na Naoi mBliana agus an tsíocháin bhradach a lean é ar cheann de na cinn is tábhachtaí.

Gan amhras, faoin am a dtiocfaidh comóradh cheithre chéad bliain d'Imeacht na nIarlaí, beidh mórán cainte faoi. Aisteach leis mar a insíonn ainm na hócáide céanna sin, Imeacht na nIarlaí, cén tuigse atá agat ar stair na hÉireann. Teitheadh nó "Flight of the Earls" a thugtar air go coitianta i mBéarla.

Tá an teitheadh céanna ar cheann de na buanna bolscaireachta ab fhearr i stair coimhlinte riamh. Teitheadh scaollmhar na nIarlaí, mar dhea, cladhairí, buailte, ruaigthe, dearmadta.

Ní fíor don chur síos. Ag an Chairdineál Tomás Ó Fiaich nach maireann an fhírinne nuair a thug sé Imeacht na nIarlaí ar an eachtra áirithe seo. (Ar ócáidí mar seo ach go háirithe a chrothnaítear a cheannasaíocht intleachtúil.) Imeacht na haicme polaitiúla Ultaí ach bhí fonn fillte orthu agus b'fhéidir go bhfillfeadh murach feallmharfóirí Sasanacha agus beaguchtach Spáinneach.

Ní staraí é an scríbhneoir seo. Léitheoireacht na staire agus ní taighde na staire an rud is spéis liom. Ach aithníonn an léitheoir féin go bhfuil go leor sruthanna i scéal an chogaidh seo.

Is léir nach raibh na taoisigh Ghaelacha uilig ar aon intinn le Ó Néill; is léir easaontas eatarthu agus gur phléigh cuid acu leis na Sasanaigh de réir mar a d'fhóir dóibh féin agus de réir mar a d'fhéadfadh siad buntáiste a bhaint as margaíocht.

Bhí buanna ag Ó Néill a chuir a ainm i mbéal an phobail tríd an Eoraip. Fuair sé an ceann is fearr ar Eilís I, seift nach dtiocfadh le Pilib na Spáinne a bhaint amach lena arracht d'Armada.

Chaill Ó Néill sa deireadh agus tá tionchar an díomua sin ar obair go dtí an lá atá inniu ann.

Agus a leithéid de shíocháin bhradach a lean a ghéilleadh. Chleacht údaráis Shasana polasaí sceimhlitheoireachta ar lucht leanúna Uí Néill a ghealfadh croí Saddam Hussein féin: "Government officials were constantly around watching for any information which could be used against him. His friends were arrested and questioned and were offered bribes to incriminate him, and attempts were made to assasinate him."

Scéal casta iltaobhach tragóideach agus, sea, fiú rómánsúil, é scéal na tréimhse. Ar an ábhar sin, is iontaí faoi chéad an tost atá ann faoi. Ní hann don tsraith teilfíse ar RTÉ nó TG4 a insíonn an scéal; ní hann do na comhdhálacha móra; ní hann do na sraitheanna raidió nó alt a chuireann síos ar an ré.

Cinnte, chraol RTÉ clár amháin ar Bhriseadh Chionn tSáile mar chomóradh ar an chath sin. Ar an dul céanna, seans go mbeidh píosaí fánacha thall is abhus le fáil sa mhí seo romhainn.

Ach sin a mbeidh ann - ní ócáid náisiúnta í. Séanann muid an deis chun machnamh a dhéanamh ar ár gcás arís eile.

Ní tharlódh a leithéid sa Bhreatain. Ní féidir amharc ar BBC nó ar na cainéail eile sa Bhreatain gan chláir faoi ionradh 1066 nó faoi chath Azincourt nó an gaol léanmhar idir Albain agus Sasana nó leathadh na himpireachta nó scéal na Breataine san Ind nó an chéad chogadh mór nó an dara cogadh domhanda a fheiceáil.

Ní gá go mbeifeá ar aon fhocal amháin le béim na gclár nó lena gconclúidí. Is é an rud is tábhachtaí sa chás seo go ndéanann na húdaráis chraolacháin - an BBC ach go háirithe - iarracht stair a dtíre a chur ar an scáileán agus ar an raidió dá bpobal. Tuigeann siad gur neach beo í an stair ar gá a scéal a iniúchadh agus a athiniúchadh le gach aon ghlúin nua.

Ní mar sin againn é. Rinne aos liteartha na tíre a mhór d'Edmund Spenser, údar The Faerie Queene, i 1999, ceithre chéad bliain i ndiaidh a bháis.

Seo an Spenser céanna a mhol scrios na Gaeilge ar an ábhar "the speache being Irishe the harte muste nedes be Irishe for out of the abundance of the harte the tonge speakethe."

(Dála an scéil, Edmund, a chailleach, maireann muid beo i gcónaí.)

Ach is de stair na hÉireann é Spenser ar bhealach nach dár stair scéal Uí Néill agus a lucht leanúna.

Cad chuige an tost seo? An easpa acmhainní amháin is cúis leis?